Harry Schwarz

gníomhaí as an Afraic Theas From Wikipedia, the free encyclopedia

Harry Schwarz
Remove ads

Státaire agus baincéir san Afraic Theas ab ea Harry Schwartz (13 Bealtaine 19245 Feabhra 2010), agus duine ar bhí ar thús cadhnaíochta na ndlíodóirí san Afraic Theas ina ré.[1]

Thumb
1975
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Theith Schwarz an Ghearmáin in éineacht lena theaghlach díreach i ndiaidh theacht i gcumhacht na Naitsithe agus thairg an Afraic Theas tearmann dóibh sa bhliain 1934 (in aois 10 bliain do Schwarz).

Tar éis dó a bheith in Aerfhórsa na hAfraice Theas i rith an Dara Cogadh Domhanda, d'fhreastail sé ar Ollscoil an Witwatersrand. Bronnadh BA (le gradam sa stair agus sa stair eacnamaíochta) agus LLB air.[2]

Thumb
Harry Schwarz agus George H. W. Bush,timpeall 1991

In Ollscoil Witwatersrand,[3] bhuail sé ar Nelson Mandela agus Joe Slovo agus d'éirigh sé mór leo. Rinneadh abhcóide ag Barra na hAfraice Theas de sa bhliain 1953 agus bhí sé i measc na ndlíodóirí cosanta i Triail Rivonia (1963-64). D'fhág Schwarz an Barra ag an bpointe sin chun chun iompú ina aturnae, ionas go mbeadh sé ina ann níos mó a dhéanamh sa troid i gcoinne na cinedheighilte.[2]

Seachas an t-am a chaith Schwarz mar phríomhfheidhmeannach ar Merchant Bank (1969-74) agus mar Ambasadóir na hAfraice Theas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá (1991-95), lean sé ar aghaidh ag dlíodóireacht go dtí go bhfuair sé bás.

Thumb
timpeall 1992

Chuaigh Schwarz isteach sa Pháirtí Aontaithe nuair a bhí ina mhic léinn i Wits agus d'fhan sé ann ar feadh roinnt mhaith blianta. Bhí Schwartz ina bhall de Chomhairle Cúige Transvaal (1958-74) agus den Tionól Reachtach (1974-91).

Thumb
Harry Schwarz, Hillary Clinton, Bill Clinton agus Annette Schwarz, 1993

Bhí Schwarz ina cheannaire d'eite fhorásach an Pháirtí Aontaithe; scar sé leis an bpáirtí sin sa bhliain 1975 agus bhí róil lárnacha aige sa Pháirtí Feidearálach Forásach agus, ina dhiaidh sin, sa Pháirtí Daonlathach le linn an chuid eile dá shaol sa pholaitíocht.[2]

Sna 1970idí agus 1980idí, chuidigh Schwarz go mór le fís a leagan amach faoin gcaoi a d'fhéadfadh an Afraic Theas a bheith daonlathach agus neamh-idirdhealaitheach san am a bhí le teacht, go háirithe maidir leis an bhfeidhm a bheadh ag Bille na gCeart.

Léiríodh cé chomh tiomanta réimeas De Klerk do bunathrú polaitiúil nuair a ceapadh Schwartz mar Ambasadóir na hAfraice Theas in Washington sa bhliain 1991.

Bhí Schwarz chun tosaigh sa i bpobal Giúdach na hAfraice Theas ar feadh a ghairmréime agus cháin sé an frith-Sheimíteachas go géar agus bhí sé go mór i bhfabhar dea-chaidreamh le Stát Iosrael riamh.[2]

Fuair sé bás nuair a bhí sé cúig bliana is ochtó d'aois, ar 5 Feabhra 2010.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads