Iosrael
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Tír sa Mheánoirthear, ar bhruach thoir na Meánmhara is ea Iosrael. Bhí daonra de 8,4 milliún duine sa tír sa bhliain 2006.
Remove ads
Daoine
Tá móramh Giúdach in Iosrael, agus is stát Giúdach é.[1] Ach bíonn lucht mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPalaistíneach le hIosrael maidir le cúrsaí airgid agus polaitíochta, mar go n-oibríonn an-chuid Palaistíneach in Iosrael, agus go bhfuil na céadta coilíneachtaí curtha ar bun ag Iosraelaigh den aicme chrua a dteastaíonn uathu seilbh a ghlacadh go hiomlán ar an 'Iosrael stairiúil'.
Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael.[2]
Remove ads
Tíreolaíocht
Is í an Mhuir Mharbh an áit is ísle ar domhain, agus téann a lán ann le snámh, rud atá an-éasca, ós rud é go bhfuil an t-uisce trom le salann. Tá dún Masada fós le feiceáil, áit ar fhan buíon Giúdach a bhí ag cur i gcoinne na Rómhánach ar feadh trí bliana, gur mharaigh siad iad féin ar dheireadh. Tógann sé trí huair a chloig dul go dtí an mullach, nó is féidir dul le carr-chábla. I measc na sliabhraonta tá an Ghailíl, Shliabh Chairmeil agus an Golan sa tuaisceart.
Remove ads
Caidreamh le hÉire
Ar an 12 Nollaig 2024, d'fhógair Éirinn a dtacaíocht do chaingean dlí na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Trí lá níos déanaí, dhún Iosrael a n-ambasáid i mBaile Átha Cliath i bhfianaise "pholasaithe láidre frith-Iosrael" Rialtas na hÉireann.[1]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads