IBM

From Wikipedia, the free encyclopedia

IBM
Remove ads

Is comhlacht ríomhaireachta é International Business Machines, nó IBM mar a thugtar air de ghnáth. Déantúsaíonn agus díolann an comhlacht crua-earraí ríomhaireachta, bogearraí, agus seirbhísí comhairleacha. Faoi seo soláthraíonn IBM bainistíocht áiseanna chun seirbhísí tacaíochta a thabhairt do chomhlachtaí eile maidir le forbairt is feidhmeanna na ríomhaireachta.

Fíricí Gasta Sonraí, Ainm gearr ...

Tá a cheanncheathrú lonnaithe in Armonk, Stát Nua-Eabhrac i SAM.

Remove ads

Stair

Bhunaigh Herman Hollerith an comhlacht IBM sa bhliain 1924. Ba innealtóir Meiriceánach de phór na Gearmáine é Herman Hollerith (1860-1929). Dhear sé meaisín táblúcháin le haghaidh an daonáirimh 1890 sna Stáit Aontaithe. Bhunaigh sé an comhlacht Computing Tabulating Recording Corporation. B'é a chomhlacht réamhtheachtaí IBM. Athainmníodh an CTRC mar IBM sa bhliain 1924.

Sna 1950-1990idí, bhí IBM an comhlacht ba rathúla ar domhan nuair a tháirg sí mór-ríomhairí.

I 1983 lainseáil IBM an ríomhaire pearsanta. Tháinig na ríomhairí seo chun níos mó ná 85% de mhargadh na ríomhairí a ghabháil. Ach bhí na PC déanta ag comhlachtaí eile freisin, agus de réir a chéile, d'éirigh cuid acu a níos mó ná IBM[1] (tháinig Microsoft chun cinn nuair a dhear is a sholáthraigh sé an córas oibriúcháin MS-DOS i gcomhair ríomhairí pearsanta IBM).

Bhí IBM an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan go dtí na 2000idí.

Thumb
Ríomhaire de chuid IBM.
Remove ads

Aireagáin

D'athraigh na haireagáin seo an domhan:

  • Comhartha-fháinne: Saghas líonra ceantair áitiúil (LAN) a d'fhorbair IBM, a bhaineann úsáid as toipeolaíocht fáinne ina gcuirtear comhartha thart ó ríomhaire go ríomhaire timpeall an fháinne.
  • Tarchur dénártha sioncronach: Foirm tarchur sonraí i líonra ríomhairí le cianfheiste amháin nó níos mó ceangailte le mór-ríomhaire. Baineann an téarma le comhlacht IBM go príomha.
  • Teanga Struchtúrtha Iarratais (SQL): Teanga iarratais a d'fhorbair comhlacht IBM, anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.
  • Cód Idirmhalartaithe Breisithe Deachúlach: Códaithe go Dénártha (EBCDIC) Cód a d'fhorbair comhlacht IBM. Sainmhínítear 256 carachtar le cód 8 ngiotán.
  • Ríomhaire pearsanta: Micriríomhairí i gcoitinne, an raon micriríomhairí a shaothraigh IBM ar dtús.
Thumb
IBM 7090, 1961
Remove ads

Daoine

  • Bhunaigh Herman Hollerith an comhlacht sa bhliain 1924.
  • Bill Gates (Microsoft). I 1981 chinn comhlacht IBM MS-DOS a shuiteáil ina ríomhairí pearsanta nua, céim mhór ar aghaidh do Microsoft.
  • Leo Esaki. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Ivar Giaever is Brian Josephson i 1973.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads