Benjamin Netanyahu

From Wikipedia, the free encyclopedia

Benjamin Netanyahu
Remove ads

Príomh-aire Iosrael agus ceannaire Likud is ea Benjamin Netanyahu (a rugadh ar an 21 Deireadh Fómhair 1949), náisiúnaí, Síónach agus ar dheis ar fad. Tá fios a ghnó aige agus in ann teacht aniar cúpla uair.

Thumb
Netanyahu sa bhliain 1967
Thumb
Chas Netanyahu le Yasser Arafat[1] don chéad uair, mar phríomh-aire, sa bhliain 1996.
Thumb
díothú a dhéanamh: Benjamin Netanyahu (sa bhliain 2018)
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Polaitíocht

Chuaigh Netanyahu i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]

Chas Netanyahu le Yasser Arafat[1] don chéad uair, mar phríomh-aire, sa bhliain 1996. Cháin Netanyahu na Comhaontuithe Osló níos déanaí sna 1990idí agus thug a rialtas neamhaird orthu.

Éillitheacht

Tá smál na caimiléireachta in Iosrael ag baint le Netanyahu le fada.

Coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta

Ar an 20 Bealtaine 2024, d'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais do Netanyahu (agus ceannairí de chuid Hamas).[3][4] Dúirt príomh-ionchúisitheoir na cúirte Karim Khan go raibh iarratas déanta aige ar bharántais ghabhála mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta.[5][6]

Tá roinnt cúiseanna á gcur i leith Netanyah; ar na cúiseanna sin tá díothú a dhéanamh, úsáid a bhaint as an ngorta mar uirlis chogaidh, stop a chur le cabhair dhaonnúil, agus targaidí a dhéanamh d’aon ghnó de shibhialtaigh. Cuirtear ina leith freisin go bhfuil uirlis chogaidh den ocras déanta aige.

Síónachas

Ar an 27 Meán Fómhair 2024, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuir Netanyahu i leith na Náisiún Aontaithe gur "eanach frith-Ghiúdach" atá ann. Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin.[7]

Remove ads

Pearsanta

Fear mór ban atá i Netanyahu; phós sé trí uair agus bhí caidrimh sheachphósta go leor aige thar na blianta. Ba mhíchuibhiúil mar a fuarthas é lena chomhairleoir Ruth Bar, sa bhliain 1993 agus rinneadh físeán graosta de. In ainneoin sin, chuaigh sé i mbun cheannasaíocht an pháirtí Likud i mí an Mhárta 1993.[2]

Maraíodh deartháir Netanyahu (Lt. Col. Yonatan Netanyahu) sa ruathar tarrthála "Oibríocht Entebbe" sa bhliain 1976.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads