John Logie Baird
innealtóir is ceannródaí teilifíse Albanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Innealtóir is ceannródaí teilifíse a rugadh i mBaile Eilidh na hAlban ab ea John Logie Baird (14 Lúnasa 1888 – 14 Meitheamh 1946).
Sa bhliain 1926 léirigh sé an chéad íomhá teilifíse, a chruthaigh sé le 30 líne is an bunscanadh déanta go meicniúil. Ag baint feidhm as a chóras, tharchuir an BBC íomhánna teilifíse den chéad uair in 1929 ar bhonn trialach. I 1936 tharchuir siad íomhánna 240 líne lena chóras meicniúil, agus íomhánna 405 líne le córas leictreonach ó chomhlacht Marconi-EMI. Toghadh an córas leictreonach don tseirbhís teilifíse sa Bhreatain in 1937. In Bexhill-on-Sea, Sussex, Sasana a fuair sé bás agus é 57 mbliana d'aois.[1]
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads