Julia Child

cócaire Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Julia Child
Remove ads

Cócaire, údar agus pearsantacht Meiriceánach ab ea Julia Carolyn Child (née McWilliams; 15 Lúnasa 191213 Lúnasa 2004). Cuimhnítear uirthi as cócaireacht na Fraince a chur os comhair na ndaoine sna Stáit Aontaithe lena leabhar cócaireachta úd, Mastering the Art of French Cooking, agus leis na cláracha teilifíse léi a tháinig ina dhiaidh, go mór mór The French Chef, a chuaigh ar an aer den chéad uair sa bhliain 1963.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Luashaol agus oideachas

Mar Julia Carolyn McWilliams a rugadh Child in Pasadena, California, iníon John McWilliams, Jr., céimí Ollscoil Princeton agus bainisteoir talún, agus a bhean chéile, Julia Carolyn ("Caro") Weston, oidhrí comhlacht mhór páipéira raibh a hathair féin ina leasghobharnóir ar Massachusetts. Ba í Julia an duine ba shine de thriúr páistí[1]: John McWilliams III (1914–2002) a deartháir, agus Dorothy Dean Cousins (1917–2006) a deirfiúr.

Chuaigh Child ar scoil i gCalifornia, ar scoil chónaí i gcás na hardscoile, an Branson School in Ross, California[2] Bhí Child sé throigh (1.88m) ar airde agus go maith ag spóirt; d'imir sí leadóg, galf, agus cispheil agus í ina páiste agus i gColáiste Smith ní ba dhéanaí.[3]

Agus Julia ag fás aníos bhí cócaire ag a teaghlach sa teach, ach níor fhoghlaim sí aon chócaireacht ón gcócaire. Dhéanadh a seanmháthair taoschnónna agus crullers. D'fhoghlaim Child an chócaireacht i ndiaidh bualadh le Paul, mar b'as teaghlach eisean a chuir an-spéis i mbia.[4]

Nuair a bhí a céim tríú leibhéil bainte amach aici, thug Child aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. D'oibrigh sí mar chóipscríbhneoir i roinn na fógraíochta ag W. & J. Sloane, gnólacht a dhíol troscán do dhaoine rachmasacha. D'fhill sí go California i 1937, agus chaith sí cheithre bliana ag scríobh d'fhoilsicháin áitiúla, agus ag obair go deonach le Junior League Phasadena.[5]

Remove ads

Gairmshaol

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne Julia Child iarracht dul isteach sna ranna ban san Arm (na "WACs") aus san Chabhlach ("WAVE"s) ach theip uirthi os rud í a bheith ró-ard. Sa deireadh, fuair sí post san OSS (an Oifig Fhaisnéise Rúnda). Chuir an OSS í go Kunming, sa tSín, agus ba ansin a chuir sí aithne ar an bhfear a phós sí, Paul Cushing Child, a bhí fostaithe ag an OSS freisin. Chaith siad tamall ag obair in Kandy, sa tSiolóin (Srí Lanca inniu).

Remove ads

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads