Kit Connor

Aisteoir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Kit Connor
Remove ads

Is aisteoir Briotanach é Kit Sebastian Connor. Rugadh ar an 8ú Márta 2004 é. Tá cáil aige tar éis príomhpháirt a bheith aige mar Nick Nelson sa sraith Heartstopper ar Netflix. Ghlac sé páirt sna scannáin Get Santa (2014), Rocketman (2019) agus Little Joe (2019) freisin.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Gairm

Thosaigh Kit Connor a ghairm mar aisteoir nuair a bhí sé 8 mbliana d'aois i róil i Chickens ar Sky One, sa scannán teilifíse An Adventure in Space and Time agus sa sobalchlár Casualty.

Sa bhliain 2018, bhí róil aige sna scannáin The Mercy, The Guernsey Literary and Potato Peel Pie Society, Slaughterhouse Rulez, chomh maith leis an scannán teilifíse Grandpa's Great Escape don BBC. Ghlac sé páirt i léiriú Fanny & Alexander san amharclann Old Vic mar Alexander.

I 2019, rinne sé mar pháirt d'Elton John mar déagóir sa scannán ceoil Rocketman.

I mí Aibreáin, fógraíodh go mbeadh sé sa phríomhpháirt, in éineacht le Joe Locke, sa sraith Netflix Heartstopper. Ar dtús, chuaigh sé le haghaidh éisteachta do pháirt Charlie, ach ar deireadh, roghnaíodh é don phríomhpháirt eile, Nick Nelson.

Beidh páirt aige i gcóiriú scannáin den leabhar A Cuban Girl's Guide to Tea and Tomorrow le Laura Taylor Namey.

I mí Márta 2023, fógraíodh go mbeadh príomhpháirt aige sa scannán uafáis-mistéire One of Us.

Remove ads

Saol pearsanta

Rugadh é i gCroydon, Buirg i nDeisceart Londan, ar an 8ú Márta 2004. Bhí cónaí air i bPurley. D'fhreastail sé ar Bhunscoil Hayes i Kenley, agus ansin ar Meánscoil Whitgift i gCroydon Theas. Rinne sé staidéar A-leibhéal sa dráma, sa stair agus i litríocht an Bhéarla.

I mí Deireadh Fhómhair 2022, tháinig sé amach mar déghnéasach i bpóstáil ar Twitter. Sular tháinig sé amach, fuair sé ciapadh ó dhaoine agus cheap siad go raibh sé ag déanamh queerbaiting.[1]

Remove ads

Scannánliosta

Scannán

Tuilleadh eolais Bliain, Teideal ...

Teilifís

Tuilleadh eolais Bliain, Teideal ...

Amharclann

Tuilleadh eolais Bliain, Teideal ...

Físchluichí

Tuilleadh eolais Bliain, Teideal ...

Gradaim

Tuilleadh eolais Bliain, Gradam ...
Remove ads

Tagairtí

Naisc

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads