Lotika Sarkar

dlíodóir agus scoláire feimineach ceannródaíoch de chuid na hIndia From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Dlíodóir agus scoláire feimineach ceannródaíoch de chuid na hIndia ab ea Lotika Sarkar (4 Eanáir 192323 Feabhra 2013).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Ó thaobh Ollscoil Cambridge de, ba í an chéad bhean de bhunadh na hIndia a fuair céim uaithi agus an chéad bhean d'aon náisiúntacht ar ar bronnadh dochtúireacht sa dlí.[1]

Ba í an chéad bhean a ceapadh ina léachtóir le dlí in Ollscoil Delhi, áit a raibh sí ar an bhfoireann teagaisc ó 1953 go 1983, tréimhse mar Dhéan san áireamh. Ina dhiaidh sin, lean sí ar aghaidh ag múineadh an dlí choiriúil in Institiúid Dlí na hIndia ar feadh blianta fada eile.

Thumb
Ollscoil Delhi

Feimineachas

Ball den Choimisiún um Stádas na mBan san India go luath sna 1970idí agus comhbhunaitheoir den Lárionad um Léann Forbartha Ban (sa bhliain 1980) agus den Chomhlachas Indiach um Léann na mBan (sa bhliain 1982), bhí tionchar mór aici ar dhíospóireachtaí san India maidir le cearta na mban, go mór mór maidir leis an dóigh a gcaitheann an córas dlí choiriúil leis an bhforéigean gnéasach.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads