Menachim Begin

From Wikipedia, the free encyclopedia

Menachim Begin
Remove ads

Bhí Menachim Begin (1913-1992) ina phríomhaire ar Iosrael.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Luathshaol

B'as an Rúis ó thús dó. In aois a 16 thosaigh sé ag cur spéise i ngluaiseachtaí ógra de chuid na Siónach[1].

Tar éis dó tamall a chaitheamh i sluachampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach, d'éirigh le Begin teitheadh go dtí an Phalaistín, áit ar ghlac sé ceannaireacht ar an Irgun i 1943.

Ghlac sé páirt mhór ar ball sa troid ar son na saoirse roimh imeacht na Sasanach agus ina dhiaidh, agus an t-ionsaí ar Deir Yassin i 1948 san áireamh.

Remove ads

Polaitíocht

Tar éis d'Iosrael neamhspleáchas a bhaint amach, bhunaigh Begin an páirtí Herut (Saoirse). Toghadh ina fheisire sa Knesset é.

Bhí an páirtí Herut go láidir ar thaobh an náisiúnachais agus mhol siad seilbh a ghabháil ar thailte ar gach taobh d'abhainn na hlordáine.

Ina dhiaidh sin cheangail an páirtí Herut le páirtithe eile ar an eite dheas chun an grúpa Likud (Aontas) a bhunú.

I rith an Chogaidh Sé Lá glacadh leis an dearcadh neamhghéilliúil a bhí aige, agus i ndeireadh na dála toghadh é ina Phríomh-Aire i 1977.

Thumb
Camp David, Meán Fómhair 1978. Uachtarán Sadat na hÉigipte (ar clé) agus Príomh-Aire Iosrael, Menachim Begin. Ócáid stairiúil agus iad ag croitheadh láimhe. Uachtarán Mheiriceá, Jimmy Carter, ag faire orthu.
Remove ads

Taidhleoireacht

Nuair a chuaigh sé chun cainte le hAnwar Sadat an bhliain sin, ba é an chéad cheannaire losraelach riamh a bhuail le ceannaire Arabach.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an mbeirt acu de bharr a gcuid oibre maidir le Comhaontú Camp David.

Síónachas

Mar sin féin bhí sé sásta i gcónaí seasamh go láidir chun Iosrael a chosaint. Sular éirigh sé as mar Phríomh-Aire sa bhliain 1983 cheadaigh sé ionradh ar an Liobáin i 1982.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads