Mount Egerton, Victoria
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Mount Egerton. Tá sé le fáil i Sír Moorabool, seacht gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Seanbhaile mianadóireachta é, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 215 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 1.9% díobh.[1]
Tá talamh cothrom ar thaobh amháin de Mount Egerton agus talamh crochta ar an taobh eile. Tá cuid mhaith foraoise timpeall na háite fós.[2]
Remove ads
Stair
Bhíodh na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí anseo, agus lonnaigh Eorpagh san áit nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1853 ag an All Nations Gully.[3] Lean an mhianadóireacht tar éis an chéad ruathar agus ór á bhaint as síog ghrianchloiche le mionán. Tá an gléasra meilte agus roinnt iarsmaí eile le feiceáil fós. Thit an seanmhianach ar a chéile i bhfichidí an fichiú haois agus tá log mór le feiceáil ann.
D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Feabhra 1856 agus dhún sa bhliain 1993.[4] Bhí banc ann freisin agus robáil Captain Moonlite, ceithearnach coille iomráiteach, é sa bhliain 1869, coir a chuir tús lena shlí bheatha mar bhithiúnach.
Bhíodh séipéal beag adhmaid ann do Chaitlicigh agus é in úsáid anuas go dtí an chuid dheireanach den fichiú haois.
D’oscail an bhunscoil ar 6 Samhain 1877 agus tá sí ar oscailt i gcónaí.[5]
Tá seanreilig ann, cé gur beag ainm Éireannach atá le feiceáil ar na leaca uaighe.[6]
Remove ads
Tagairtí
Féach freisin
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads