Tóiceo
príomhchathair agus an mhaoracht is mó daonra sa tSeapáin From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is é Tóiceo (東京; Tōkyō éist leis sa tSeapáinis) príomhchathair na Seapáine, agus é suite i réigiún Chantó (関東地方; Kantō-chihō). Tugtar Ardchathair Thóiceo (東京都; Tōkyō-to) air go hoifigiúil sa tSeapáinis leis. Is é an chathair is mó sa tír é, óir tá breis agus 14,200,000 duine ina gcónaí sa chathair ó cheart.[1] Is é Tóiceo an limistéar uirbeach is mó ar domhan ó thaobh daonra de, agus thart ar 40,000,000 duine ina gcónaí i gceantar uirbeach na cathrach.
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tá Tóiceo suite ar an gcósta in oirthear Hoinsiú (本州; Honshū), an t-oileán is mó in oileánra na Seapáine. Tá an chathair roinnte ina 23 barda óna ndéantar Ardchathair Thóiceo, le chéile le limistéar Tama (多摩地域; Tama-chiiki) san iarthar chomh maith le hoileáin Thóiceo san Aigéan Ciúin.
Is é Tóiceo, ón 17ú aois ar aghaidh, an áit is tábhachtaí i saol polaitiúil na tíre. Is i dTóiceo atá formhór na bhforas náisiúnach lonnaithe, amhail príomháras impire na Seapáine, áras an phríomh-aire, an Diat Náisiúnta (Dáil na Seapáine), airí rialtais agus na hambasáidí eachtracha.
Remove ads
Sanasaíocht
Baisteadh Tóiceo (東 tō "oirthear", agus 京 kyō "príomhchathair") ar an gcathair sa mbliain 1868 i rith réabhlóid Meiji, nuair a rinneadh príomhchathair na tíre de. Tá an chathair suite ar thaobh thoir na tíre, soir ón sean-phríomhchathair roimhe sin, Ceotó. Is é an nós in oirthear na hÁise an focal “príomhchathair” (京) a chur in ainm na príomhchathrach: féach Béising (北京), Nanjing (南京) na Síne nó Gyeonggi (京畿) thimpeall Shúl na Cóiré leis. Tagann an dá chuid seo le chéile chun "Tóiceo", "an príomhchathair oirthearach" a dhéanamh.
Edo (江戸) a tugadh ar an mbaile a bhí ann sula ndearnadh príomhchathair na Seapáine de, a chiallaíonn "inbhéar, ríbhear". Is é béal an Sumida (隅田川, Sumida-gawa) atá i gceist leis an ainm seo.
Remove ads
Iompar

Feidhmíonn Tóiceo mar chroílar chóras iompair na Seapáine. Tá gréasán fairsing iarnróid ann, chomh maith le busanna, tacsaithe, líne traenach aonráille agus líne tram. Is é an córas traenach an modh iompair is tábhachtaí i dTóiceo,[2] agus is é an líonra uirbeach iarnróid is mó ar domhan é. Is i dTóiceo atá an stáisiún iarnróid is gnóthaí ar domhain, Stáisiún Shinjuku, lonnaithe.[3]
Tá dhá aerfort mhóra sa réigiún: Aerfort Idirnáisiúnta Narita, taobh amuigh den chathair i maoracht Chiba, agus Aerfort Haneda, atá suite níos cóngairí do lár na cathrach.
Remove ads
Bardaí speisialta Thóiceo
Tá 23 barda speisialta (特別区; tokubetsu-ku) ann i dTóiceo, lena socraíodh teorainneacha sheanchathair Thóiceo sular n-atarraingíodh críocha na cathrach sa mbliain 1943. Is faoin "Dlí um fhéinriail áitiúil 1947" a bunaíodh na bardaí speisialta. Tá méara, comhairle agus stádas mar chathracha iad féin ar leith ag gach aon de na bardaí seo.
Comhchathracha
Tá nascanna comhpháirtíochta ag Tóiceo leis an 12 cathair agus stát a leanas:[4]
- NuaEabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) ón 29 Feabhra 1960;
- Béising (an tSín) ón 14 Márta 1979;
- Páras (an Fhrainc) ón 14 Iúil 1982;
- New South Wales (an Astráil) ón 9 Bealtaine 1984;
- Súl (an Chóiré Theas) ón 3 Meán Fómhair 1988;
- Iacárta (an Indinéis) ón 23 Deireadh Fómhair 1989;
- Stát São Paulo (an Bhrasaíl) ón 13 Meitheamh 1990;
- Caireo (an Éigipt) ón 23 Deireadh Fómhair 1990;
- Moscó (an Rúis) ón 16 Iúil 1991;
- Beirlín (an Ghearmáin) ón 14 Bealtaine 1994;
- An Róimh (an Iodáil) ón 5 Iúil 1996;
- Londain (an Ríocht Aontaithe) ón 14 Deireadh Fómhair 2015.
Remove ads
Aeráid
Remove ads
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads