Muireann Nic Amhlaoibh

amhránaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Muireann Nic Amhlaoibh
Remove ads

Ceoltóir agus amhránaí as Contae Chiarraí is ea Muireann Nic Amhlaoibh (a rugadh i 1978). Go dtí an bhliain 2016, b'í príomhamhránaí an ghrúpa traidisiúnta Danú. Ón mbliain chéanna, is leath den dísreach leictreonaice Aeons í.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Beathaisnéis

D’fhás Muireann Nic Amhlaoibh aníos i nDún Chaoin i gContae Chiarraí, chomh maith le hInis Oírr, an ceann is lú d’Oileáin Árann, agus Oileán Chléire, oileán beag eile amach ó chósta Chontae Chorcaí. Tá na pobail seo i gceantair Ghaeltachtaagus is í an Ghaeilge céad teanga Nic Amhlaoibh. Bhí tionchar aige seo ar a slí bheatha níos déanaí, mar gheall ar a luath-nochtadh d’amhránaíocht na Gaeilge, go háirithe sa traidisiún sean-nóis. Thosaigh sí ag seinm an phianó agus an fhidil ag aois óg sula ndeachaigh sí ar aghaidh go dtí an fheadóg agus, sa deireadh, an fheadóg mhór. I measc eispéiris luatha ceoil Nic Amhlaoibh bhí a hathair, an fidléir traidisiúnta Feargal Mac Amhlaoibh, a thionlacan chuig seisiúin.[1]

Nuair a d'aistrigh Nic Amhlaoibh go Gaeltacht Chiarraí Thiar, chuaigh sí isteach san amharclann Siamsa Tíre. I rith na sé bliana a chaith sí leo, ghlac sí páirt i roinnt de na léirithe móra a bhí acu. Agus í i gCiarraí, d'fhorbair, d'fhoghlaim agus fuair a cuid amhránaíochta tionchar ó amhránaithe áitiúla ar nós muintir Begley, Áine Ní Laoithe, agus Eilín Ní Chearna. Chaith sí ceithre bliana i mBaile Átha Cliath ag freastal ar Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire, ag saothrú dioplóma sa mhínealaín. Ansin rinne sí staidéar in Ollscoil Luimnigh agus bronnadh Máistir Ealaíon i dTaibhiú an Cheoil Thraidisiúnta (Béarla; Irish Traditional Music Performance ) uirthi.[2] [3]

Remove ads

Dioscliosta

Albaim

  • Morning Star/Réalt na Maidine (2002)
  • Daybreak/Fáinne an Lae (2006)
  • Dual (2008 – in éineacht le Julie Fowlis)
  • Ar Uair Bhig an Lae/The Small Hours (2013)
  • Foxglove & Fuchsia (2017)
  • Thar Toinn/Seaborne (2020)
  • Neadú (2021)
  • Róisín ReImagined (2022)

In éineacht le Danú

  • The Road Less Travelled (2003)
  • Up in the Air (2004)
  • When All Is Said and Done (2005)
  • One Night Stand (Danú DVD) (2005)
  • Seanchas (2010)
  • Buan (2015)

In éineacht le hAeons

  • Fís (2018)
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads