Nancy Pelosi

polaiteoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Nancy Pelosi
Remove ads

Ba Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe í Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi (ar 26 Márta, 1940 a rugadh í), ionadaí de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia (a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhí sí lárnach sna mórchinntí ar fad a rinne na Daonlathaigh ó na 1990idí go dtí na 2020idí. Nuair a bhí Barack Obama sa Teach Bán, 2008-2026, tugadh Mamó an pháirtí Dhaonlathaigh ar Pelosi i measc tráchtairí agus iriseoirí. Bhí beagán baint ag an leasainm leis an teaghlach mór atá ag Pelosi ach is mó ná sin baint a bhí aige le haois na mná a bhí mar spéicéir ar Theach na nIonadaithe agus a raibh cumhacht thar na bearta aici sa bpáirtí.[1]

Remove ads

Tús a shaoil

Saolaíodh i mBaltimore, Maryland í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin.

D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) in Washington, D.C. sa bhliain 1962.

Remove ads

Gairm

Bhí Pelosi tofa i gcathair San Francisco mar ionadaí comhdhála ó 1987 nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stát Aontaithe.

Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe (nó Ceann Comhairle) a bhí inti sa 110-111ú Comhdháil (2007-2011). Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosaigh i mí Eanáir, 2011.

Mar Cheann Comhairle, ba í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Ba í an chéad bhean san oifig sin agus, mar sin, ba í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí 2021, nuair a ceapadh Kamala Harris mar leasuachtarán. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.)

Chuaigh John Boehner ina háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.

Remove ads

Conspóidí

I mí Lúnasa 2022, tháinig Pelosi chuig an Téaváin, ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le fada an lá, agus d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.[2]

I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách. Dúirt Pelosi go bhfuil deis ann an comhar eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an Téaváin a neartú i bhfianaise reachtaíochta nua in Washington.[2]

Sa bhliain 2024, chreid go leor go bhfuil sí lárnach i gcónaí sa bpatuaire i measc bhaill ann pháirtí ó d’éirigh Joe Biden as an bhfeachtas uachtaránachta in 2024 agus ó fuair Donald Trump bua cuimsitheach ar Kamala Harris i dtoghchán mhí na Samhna 2024. Ach cuireadh i gcion uirthi seasamh i leataobh mar cheannasaí ar na Daonlathaigh sa gComhdháil.[1]

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads