Nellie Melba
amhránaí ceoldrámaíochta Astrálach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ba shoprán ceoldráma clúiteach ón Astráil í an Dáma Nellie Melba, GBE (19 Bealtaine 1861 - 23 Feabhra 1931), nó Helen Porter Mitchell mar a tugadh uirthi ag tús a saoil. Ba bhean de na sopráin is iomráití i saol na ceoldrámaíochta í agus ba í an chéad Astrálach í a tháinig iomrá idirnáisiúnta uirthi san ealaín sin. Bhí Nellie Melba agus May Whitty ar na chéad siamsóirí a bhain amach DBE, rud a tharla sa bhliain 1918.



Remove ads
Gairm
Tháinig Melba os comhair an phobail den chéad uair in Melbourne i Mí na Bealtaine 1884 agus chan sí i gCovent Garden i Londain, Sasana, dhá bhliain níos déanaí. Sa Bhruiséal ba thúisce a chuaigh sí i gceann oibre agus í ag déanamh páirt Gilda i Rigoletto, ceoldráma le Verdi sa bhliain 1887. D’éirigh thar cionn léi lom láithreach.
Bhain Melba amach buaic a réime i bPáras mar Lucia in Lucia di Lammermoor, ceoldráma le Donizetti ar 24 Bealtaine 1888, in Covent Garden mar Lucia in La Traviata, ceoldráma le Verdi, agus mar Mimi in La Boheme.
Shiúil Melba an Eoraip agus Meiriceá agus ardrathúnas uirthi. Moladh í as a guth glébhinn glan agus as a críochnúlacht ceirde.
Bhí Melba ar an gcéad amhránaí a chraol clár ceoil ó stáisiún Marconi in Chelmsford, rud a rinne sí ar 15 Meitheamh 1920.
Rinne Melba a páirt dheireanach mar Mimi in La Boheme in Melbourne agus in Garraí Covent sa bhliain 1926.


Remove ads
Saol pearsanta
Phós Melba Charles Armstrong, mac grásaera ó Queensland, sa bhliain 1882. Scar siad óna chéile sa bhliain 1900 de bharr an chaidrimh chollaí a bhí idir í féin agus Philippe, Diúc Orléans.
Bhí sé de chlú ar Melba gur dhuine deacair spadhrúil í i gcuideachta a comhamhránaithe. Os a choinne sin, thug sí lámh chúnta do roinnt amhránaithe óga, agus chuidigh sí le ceoldrámaí Puccini a chur á léiriú nuair nach raibh cáil mhór fós air.
Tháinig dírbheathaisnéis Melba, “Melodies and Memories,” amach sa bhliain 1925.
Fuair sí bás le seipticéime sa bhliain 1931.
Remove ads
Naisc sheachtracha
- Beathaisnéis ar an Australian Dictionary of Biography Curtha i gcartlann 2011-01-14 ar an Wayback Machine (en)
- [http://www.iammelba.com/index.htm%5B%5D I am Melba - tionscadal Ann Blainey, 2008

Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads