Pápa Pius X

Pápa ó 1903 go 1914, naomh From Wikipedia, the free encyclopedia

Pápa Pius X
Remove ads

Bhí Pius X (nó Giuseppe Melchiorre Sarto, 2 Meitheamh 1835 - 20 Lúnasa 1914) mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach ó 1903 go dtí 1914 (nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach). Tháinig sé i gcomharbacht ar Leo XIII agus tháinig Benedict XV ina dhiaidh.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Rugadh Giuseppe Sarto i Riese san Iodáil sa bhliain 1835. D'fhás sé suas i dteaghlach de dheichniúr clainne. Bhí a athair ina fhear a phoist agus bhí an chlann bocht. Chuaigh sé le sagartacht nuair a bhí sé cúig bliain d'aois agus cuireadh oideachas maith air, mar sin.

Oirníodh Giuseppe Sarto ina shagart in 1828. Chaith sé tréimhse ghearr mar shagart paróiste, bhí sé ina reachtaire ar chliarscoil agus ansin riarthóir deoise Treviso. Ceapadh é mar easpag Mantua sa bhliain 1884.

Thumb
Easpag Sarto

Ceapadh Giuseppe Sarto mar chairdinéal agus ansin patrarc na Veinéise sa bhliain 1893, ceapachán polaitiúil. Bhí deacrachtaí idir an Vatacáin agus an Iodáil ag an am. Ní raibh sé ábalta dul ann go dtí 1894.

Pápacht

Tar éis bháis Leo XIII, tógadh é mar phápa in 1903. Bhí sé thar a bheith diaganta is cosúil, agus labhair sé go cráifeach faoina chreideamh, a dúradh.

Níor thaitin débhríocht na nua-aimsearthachta leis. Coimeádach cruthanta a bhí ann.

An Mhaighdean Mhuire

Sa bhliain 1908 d’ordaigh Pius X an fhéile, Taibhsiú na Maighdine Muire i Lourdes. a chomóradh ar fud an domhain ar an 11 Feabhra.[1]

Éire

Sa mbliain 1908, reáchtáladh ollchomórtas lúthchleasaíochta sa Róimh mar cheiliúradh ar Iubhaile Órga an Phápa Pius X, ar tugadh cuireadh do fhoirne lúthchleasaíochta as tíortha go leor ar fud an domhain a bheith san iomaíocht ann – Éire ina measc.

Glacadh go fonnmhar leis an gcuireadh seo a d’fhág iomaitheoirí na hÉireann astu féin agus an píobaire

Bhí an réabhlóidí Éamonn Ceannt sa mórshiúl tosaigh, ina cheann feadhna fiú ag seinm na bpíb, feistithe i bhfilleadh beag,

Tuairiscítear go raibh an Pápa chomh tógtha sin leis an ócáid agus gur iarr sé deis labhartha leis an gceoltóir go mbronnfadh sé a bheannacht air.[2]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads