Pápa

ceannaire na hEaglaise Caitlicí From Wikipedia, the free encyclopedia

Pápa
Remove ads

Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. Is mór í an fhreagracht do cheannaire spioradálta agus polaitiúil a dhéanann tréan iarracht treoir a thabhairt do thréad suas le 1.4 billiún Caitliceach go domhanda.[1]

Thumb
deatach bán
Remove ads

Stair

De réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis.

Sa 20ú haois, Albino Luciani, a thóg an t-ainm Eoin Pól 1, an fear deiridh de bhunadh na hIodáile a ndearnadh Pápa dhe i 1978. 33 lá (26 Lúnasa - 28 Meán Fómhair) a chaith seisean sa Phápacht. Baineadh stangadh as pobal an domhain nuair a fógraíodh a bhás an mhaidin Fómhair sin.[2]

Polannach a tháinig ina dhiaidh, Karol Wojtyła (Eoin Pól 2 1979 - 2005).

Bhí An Gearmánach Josef Ratzinger, nó Beinidict XVI, ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013.

Bhí Jorge Mario Bergoglio ón Airgintin, nó Proinsias, ina Phápa ó 13 Márta 2013 go dtí 21 Aibreán 2025.

Remove ads

Toghchán

Nuair a fhaigheann an Pápa bás nó nuair a éiríonn Pápa as a phost (mar a tharla don chéad uair riamh in 2013), tionóltar cruinniú de na cairdinéil ar fad; tugtar "comhthionól cairdinéal" ar an gcruinniú seo. Tosaíonn siad le hAifreann i mBaisleac Pheadair, agus ina dhiaidh sin tugann siad aghaidh ar an Séipéal Sistíneach. Téann siad le chéile i gcruinniú rúnda chun comharba ar an bPápa a roghnú. Tá an séipéal cáiliúil a mhaisigh Michaelangelo féin dúnta lena réiteach don chomhthionól rúnda.

Tá na Cairdinéil faoi ghlas go dtí go bhfuil móramh de dhá thrian acu i bhfabhar iarrthóir amháin don Suí Naofa.[3] Tá rialacha diana rúndachta agus deasghnátha daingne ag baint leis an bpróiseas a fheiceann 4 vóta sa lá, péire ar maidin agus péire sa tráthnóna.

Deatach dubh ó shimléir an tSéipéil Shistínigh a insíonn nach bhfuil toradh ar an vóta, deatach bán a fhógraíonn teacht an phápa nua. Tamall níos déanaí, fógraítear Habemus Papam ar bhalcóin Phálás an Phápa i gCearnóg Pheadair. Déanann Rúnaí Stáit na Vatacáine an fógra sollúnta mórchúiseach, meánaoiseach Laidine :

Annuntio vobis gaudium magnum. Habemus Papam (Fógraím cúis mhór lúcháire daoibh. Tá Pápa againn’).[4]

Eminentissimum ac Reverendissimum Dominum,

Dominum [ainm baiste] Sanctae Romanae Ecclesiae Cardinalem [Sloinne]

qui sibi nomen imposuit [ainm an Phápa]."

Is scéal mór nuachta domhanda é i gcónaí agus bíonn meáin na cruinne meáite fad is a bhíonn sé seo ar siúl.[5] Is mó fear a chuaigh isteach i dtoghchán an chomhthionóil cairdinéal mar Phápa agus a tháinig amach lena dhá lámh chomh fada le chéile, agus mar Chairdinéil i gcónaí.[2]

Remove ads

Pápaí (1740+)

Tuilleadh eolais Íomhá, Ainm Gaeilge ...
Remove ads

Amlíne (1758+)

Pápa ProinsiasPápa Beinidict XVIPápa Eoin Pól IIPápa Eoin Pól IPápa Pól VIPápa Eoin XXIIIPápa Pius XIIPápa Pius XIPápa Beinidict XVPápa Pius XPápa Leo XIIIPápa Pius IXPápa Greagóir XVIPápa Pius VIIIPápa Leo XIIPápa Pius VIIPápa Pius VIPápa Clement XIVPápa Clement XIII

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads