Pápa Pius XII

Pápa ó 1939 go 1958 From Wikipedia, the free encyclopedia

Pápa Pius XII
Remove ads

Bhí Pius XII ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach ó 1938 tar éis bháis Pius XI go dtí 1958. Chaith sé a shaol i seirbhís lárnach na hEaglaise, ag caitheamh tréimhsí mar Nuinteas don Bhaváir i München, don Ghearmáin i mBeirlín agus ina Chairdinéal Rúnaí Stáit ('príomh-aire na hEaglaise').

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Luathshaol

Thumb
1882, sé bliain d'aois

Rugadh Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli sa Róimh ar 2 Márta 1876 de shíol uasail. Ba é an Rómhánach deireanach a toghadh mar Easpag na Róimhe. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1899 agus fuair sé dochtúireacht sa bhliain 1901. Bhí sé ag obair sa Rúnaíocht Stáit ó shin amach tar éis dó staidéar agus taighde a dhéanamh ar Eaglais agus Stáit.

Coinscríobhadh ina easpag é ar 13 Deireadh Fómhair 1917 agus seoladh é chun München mar Nuntius Aspalda an Phápa don Bhaváir. Ag an am, bhíodh Nuntius faoi leith ag an mBaváir agus é scartha ón Nuntius i mBeirlín. Cuireadh chun Beirlín é sa bhliain 1925. Cé go raibh an Iodáil i gcoinne na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an Ardeaspag Pacelli chun na Baváire sa bhliain 1917, d'fhás mórchaidreamh idir é agus muintir na Gearmáine agus ba ghnách leis Gearmáinis a labhairt go príobháideach go dtí deireadh a shaoil.

Thumb
1894
Remove ads

Cairdinéal

Rinneadh cairdinéal de sa bhliain 1929 agus cheap Pius XI ina Rúnaí Stáit é sa bhliain 1930. Bhí lámh mhór aige sa Choncordat idir an Vatacáin agus an Ghearmáin sa bhliain 1933, tar éis teacht i gcumhacht Adolf Hitler.

Thumb
Cairdinéal Pacelli (1930)

An Concordat sínithe, bhí an-chuid scéalta ag an Eaglais faoi shárú an Choncordat ag na Naitsithe. Sheol Pius XI an tréadlitir Mit brennender Sorge chuig muintir na Gearmáine agus é ag cur i gcoinne gníomhartha agus fealsúnachta na Naitsithe. Bhí lámh ag an Cairdinéal Pacelli i scríobh na tréadlitreach sin.

Remove ads

Pápa

Toghadh mar Phápa é ar 2 Márta 1938 agus bhí sé ina Phápa le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Cé go bhfuil an-chuid scríobtha i gcoinne polasaithe Pius i leith na Gearmáine, ag an am aithníodh é mar an t-aon guth amháin a bhí le cloisteáil ar fud na hEorpa. Ar ndóigh, cheap roinnt daoine gur imigh sé thar fóir.

Tar éis an Chogaidh chuir sé go géar i gcoinne an chumannachais agus ghéaraigh na hionsaithe air ó shin i leith.

Bhí dúil aige sa diagacht riamh agus scríobh sé tréadlitreacha tábhachtacha tar éis an Chogaidh: Humani Generis, mar shampla, a chuir síos ar theoiricí Darwin sa bhliain 1950. Sa bhliain 1950 d'fhógair sé Deasghabháil Mhuire ar neamh mar dhogma de chuid na hEaglaise.

Bhí dhrochshláinte ag Pius XII ar feadh i bhfad agus fuair sé bás i gCastel Gandolfo ar 9 Deireadh Fómhair 1958.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads