Peadar Lamb

aisteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Peadar Lamb
Remove ads

Ba dhuine de mhóraisteoirí na hÉireann é Peadar Lamb (24 Nollaig 1929 - 1 Meán Fómhair 2017). Bhí Peadar Lamb ar dhuine de na haisteoirí Éireannacha ab aitheanta agus ba chruógaí dá raibh – ar stáitse, ar teilifís agus i scannáin.[1][2]

Thumb
An Cheathrú Rua
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

B'as an mBóthar Buí, An Cheathrú Rua, i gConamara ó dhúchás é. Mac leis an ealaíontóir mór le rá Charles Lamb ba ea é.[3] B’iníon le Ford Madox Ford, úrscéalaí agus file Sasanach, ar de bhunadh na Gearmáine í, máthair Pheadair, Katharine. D’oibrigh sí mar thréidlia ar feadh tamaill i gConamara, neamhchoitianta ag an am.

Oileadh Peadar Lamb sna 1950idí mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Bhí Earnán de Blaghd ina bhainisteoir ann ag an am agus é ag earcú aisteoirí a bheadh chomh líofa i nGaeilge agus a bheidís i mBéarla.

Thumb
Coláiste Phádraig i nDroim Conrach

Ar stáitse

Ba é Micheál Mac Liammóir a thug a chéad pháirt do Lamb ar stáitse na Taibhdheirce i nGaillimh agus a dhráma féin Diarmaid agus Gráinne á léiriú. Chuaigh Lamb le hAmharclann na Mainistreach, ó bhí a chéad pháirt aige i ndráma ansin sa bhliain 1954.

Ba leis an amharclann náisiúnta a dhaingnigh Lamb a cháil mar aisteoir den scoth.[4] Bhí sé sna drámaí An Giall, The Shadow of a Gunman, The Shaughran, The Sanctuary Lamp, The Quare Fella, agus Philadelphia Here I Come.

Chuaigh Lamb timpeall Mheiriceá Thuaidh le The Playboy of the Western World sa bhliain 1990.

Teilifís agus scannáin

Thumb

Bhí aithne mhór ar Pheadar Lamb i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba mhinic é ag aisteoireacht ina theanga dhúchais, i saothair ar nós Ros na Rún, Cré na Cille, In Ainm an Athar, agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid.

Thumb
Teach Fr. Ted

Bhí Lamb le feiceáil agus le cloisteáil go minic freisin ar RTÉ i gcaitheamh na mblianta.

Bhí páirteanna aige i Fair City, Father Ted, The Field, Far and Away and Michael Collins ar an scáileán mór.

Saol pearsanta

Chaith Lamb cuid mhór dá shaol i mBaile Átha Cliath. Bhí sé pósta (sa bhliain 1965) leis an aisteoir cáiliúil Geraldine Plunkett agus cúigear clainne aige.[5]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads