Seán Mistéal

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Seán Mistéal
Remove ads

Bhí Seán Mistéal (Béarla: John Mitchel); 3 Samhain, 1815 - 20 Márta, 1875) ina náisiúnaí gníomhaíoch Éireannach, aturnae, agus iriseoir polaitiúla. Rugadh i gCamnish, in aice le Dún Geimhin, Contae Dhoire é. Bhí sé ina chomhalta tosaigh sna heagraíochtaí Éire Óg (Young Ireland i mBéarla) agus an Chónaidhm Éireannach (Béarla: The Irish Confederation). Bhí sé le bheith ina ghuth poiblí do dhearcadh Thaobh na Cónaidhme, sna 1850í agus 1860í.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Chreid sé gur rud riachtanach í sclábhaíocht agus chosain sé cearta na stát sclábhaíocht a roghnú nó a mhalairt.

Toghadh mar fheisire é do Theach na gComóntach, Westminster, Sasana; ach é a bheith dícháilithe de bharr gur ciontaíodh mar fheileon é. Tá a dhialann, an 'Jail Journal', ar cheann de na téacsanna is cáiliúla don phobal náisiúnach.

Thumb
Uaigh an Mhistéalaigh, Reilig na Úinitéirigh, An tSráid Ard, Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin
Remove ads

Teaghlach

Fuair athair Sheáin, sé sin John Mitchel a chuid oideachais go príomha ag Ollscoil Ghlaschú, d'iontráil sé ministreacht na hEaglaise Phreispitéirí go luath mar mhinistir. Thug William Dillon, beathaisnéisí Mhitchel le fios dúinn go "faoi na bliana 1810, cuireadh é i gceannas ar séipéal in aice le Dún Geimhin, contae Dhoire. " Is anseo a bhuail sé agus a phós sé Mary Haslett. Sa bhliain 1819, glaodh air dul chuig Doire, áit ar fhan sé le roinnt ceithre bliana, go dtí gur bhfuair sé "glaoch" dul go dtí IúrArd Mhacha. Ghlac sé leis an glaoch chun an Iúir, agus d'fhan sé ann, agus ba mheas ag ranganna uilig na háite air go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1840. Tar éis bás a fir céile, thaisteal a bhean Mary Haslett go min minic. Sa bhliain 1853, nuair a d'éalaigh a mac, a bhí ar deoraíocht sa Tasmáin, agus a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe, chuaigh sí ann freisin, lena mac agus beirt iníonacha, chun fáilte a chuir roimhe. Chónaigh sí i Meiriceá feadh roinnt blianta agus ansin aththrasnaigh sí an tAtlantach, agus chuaigh chun cónaí i Londain í. As sin d'fhill sí ar ais chuig an Iúir, áit ar fhan sí go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1865.

Remove ads

Sna Stáit Aontaithe

D'éalaigh Mitchel, le cúnamh ó Patrick James Smyth, ó Chríoch Van Diemen sa bhliain 1853 agus rinne sé a bhealach (trí Taihítí, San Francisco, Nicearagua agus Cúba) go Cathair Nua-Eabhrac. Is ann, i mí Eanáir 1854, a thosaigh sé ag foilsiú an Irish Citizen, ach níor mhair sé 'fáilte an laoich' a bhí faighte aige ar dtús. Bhí a chosaint ar an sclábhaíocht i stáit an deiscirt "the subject of much surprise and general rebuke", fad a chothaigha a thacaíocht do réabhlóid Eorpach coimhthíos idir é féin agus Ordlathas na hEaglaise Caitlicí.

Ar son na Sclábhaíochta

Nuair a bhí sé sna Stáit Aontaithe, ní raibh aon leisce ar Mhistéal an t-éileamh a dhéanamh arís gur "an innately inferior people" a bhí sna daoine gorma. Sa dara heagrán, den Irish Citizen, dhearbhaigh sé nach coir í "or even a peccadillo to hold slaves, to buy slaves, to keep slaves to their work by flogging or other needful correction", agus go mb’fhéidir gur mhian leis féin "a good plantation well-stocked with healthy negroes in Alabama".[1][2] Subject to widely-circulated broadsides from the abolitionist Henry Ward Beecher[3] Ag éirí as na mórbhileoga forleathana ón chealaitheoir Henry Ward Beecher agus ón deoraí phoblachtach Fhrancach Alexandre Holinski,[4] spreag na ráitis fearg an phobail. I mBaile Átha Cliath, thionóil an Chónaidhm Éireannach cruinniú éigeandála chun agóid a dhéanamh ar thuarascálacha sna nuachtáin Mheiriceánaigh agus na Breataine a "erroneously attributed" barúlacha an Mhiséalaigh ar son na sclábhaíochta" "to the Young Ireland party".[5][6]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads