An tAigéan Atlantach

aigéan idir an Eoraip, an Afraic agus Meiriceá From Wikipedia, the free encyclopedia

An tAigéan Atlantach
Remove ads

Clúdaíonn an tAtlantach (uaireanta an tAigéan Atlantach, nó An Fharraige Mhór) limistéar 100,000,000 km², agus é ar an dara haigéan is mó ar domhan ó thaobh acra de. Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta bliain ó shin a cruthaíodh é. An doimhne is mó atá aige ná 9,560m (ag scoilt Phórtó Rícó atá sé seo). Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an Droim Lár-Atlantach.

Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...

Síneann an tAtlantach ón Eoraip siar go Meiriceá Thuaidh, agus ó dheas idir Meiriceá Theas agus an Afraic. Clúdaíonn an t-aigéan an limistéar ar fad ón Artach ó dheas go dtí Antartaice. An tAtlantach Thuaidh a thugtar ar an gcuid ó thuaidh ón Meánchiorcal, agus an tAtlantach Theas ar an gcuid ó dheas uaidh.


Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads