Seo Linn

banna ceoil Gaeilge From Wikipedia, the free encyclopedia

Seo Linn
Remove ads

Is popghrúpa Éireannach é Seo Linn. Sular tháinig Seo Linn amach, bhí fíorbheagán ceoil comhaimseartha i nGaeilge ann. D'athraigh sé sin in 2013 leis an amhrán ‘Avicii V Lurgan’ i gColáiste Lurgan, agus tá saothar cumtha acu féin ó shin, amhráin comhaimseartha aitheanta clúdaithe acu, agus amhráin traidisiúnta curtha amach acu.

Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Remove ads

Stair

Thosaigh aistear Seo Linn sa bhliain 2013 mar gheall ar ‘Avicii V Lurgan’ (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[1] Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí siad nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin.[2]

2014: Céad singlí

Scaoil Seo Linn a gcéad singil "Ar Scáth a Chéile" ar an 24 Feabhra 2014. Is singil carthanas é "Ar Scáth a Chéile". Cumtha & scríofa ag Seo Linn i gcóir Self Help Africa le linn a dturas go hUganda sa bhfómhar 2013.[3]

Scaoil an banna a ndara singil "D'Aon Ghuth Amháin" ar an 11 Samhain 2014. Rinne siad an físeán ar an 2 Samhain.[4] Tá siad ag obair ar a ndara singil charthanachta. Rinne siad físeán i gContae Dhún na nGall don singil.

2016ː imeacht Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore

Ar an 4 Lúnasa 2016 d'fhógair Seo Linn gur fhág Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore an banna agus go mbeadh Seo Linn ag tógáil sos beag.

Níos déanaí: Solas srl

Ar an 7 Feabhra 2017 fógraíodh go bhfuil Solas ainm don chéad albam an bhanna. Bhí sé scaoilte ar an 3 Márta 2017. Bhí an singil "Solas" scaoilte ar an 24 Feabhra 2017 agus fuair sé go uimhir 54 in Éirinn .

  • EP Marcas sa gCoill
  • 2023ː Anuas, bailiúchán d’amhráin ar an sean-nós[2]
Remove ads

Diosc liosta

Albaim Stiúideo

Tuilleadh eolais Teideal, Eolas ...

Singli

Tuilleadh eolais Bliain, Amhrán ...
Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads