Signalgate
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
I dtús mhí an Mhárta 2025, d'iarr na Stáit Aontaithe ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an stráice farraige sin mar aicearra idir an tAigéan Indiach agus Atlantach, an Mhuir Rua. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe.[1]
Cúpla lá níos déanaí, tháinig sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal chun solais. Roimh na hionsaithe, tugadh cuireadh de thaisme don eagarthóir ón iris Atlantic chun dul isteach sa comhrá. Baineadh úsáid as Signal chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe san Éimin a phlé Tugadh "Signalgate" ar an scannal.[2][3]
Ní raibh rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, córas cumarsáide an Pheinteagáin a úsáid, córas ró-chasta dó. Roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar na Hutaithe, lena n-áirítear sceidil eitilte, srl.
Ar an 21 Aibreán, tháinig sé chun solais go raibh dara seomra comhrá Signal ann, a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé. I measc an chomhrá seo, bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile.
Cuireadh brú ar Hegseth éirí as. Chosain Trump Hegseth ag ócáid "chaitheamh Uibheacha na Cásca" sa Teach Bán, ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.[4]
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads