Sligeach–Liatroim (Dáilcheantar)

From Wikipedia, the free encyclopedia

Sligeach–Liatroim (Dáilcheantar)
Remove ads

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Sligeach–Liatroim.

Fíricí Gasta Suíomh, Sonraí stairiúla ...

Sa dáilcheantar in Olltoghchán 2024 bhí contae Shligigh agus contae Liatroma ina n-iomlán chomh maith le sciar de dheisceart Dhún na nGall, ceantar thart ar Bhun Dobhráin ina bhfuil idir 5,000 agus 6,000 vóta. Tá a dhá oiread níos mó daonra i Sligeach ná i Liatroim. Ar an gcaoi sin, bíonn de ghnáth trí cinn de shuíocháin ag iarrthóirí atá lonnaithe i Sligeach agus ceann ag iarrthóir i Liatroim.[1]

Thumb
Marian Harkin, Neamhspleách, 2022
Remove ads

Toghcháin

Olltoghchán 2016

In Olltoghchán 2016, toghadh Martin Kenny (SF), Tony McLoughlin (FG), Eamon Scanlon (FF) agus Marc MacSharry (FF/Neamhspleách in 2021). Theip ar Susan O'Keeffe (LO).

Olltoghchán 2020

In Olltoghchán 2020, toghadh Marc MacSharry (FF/Neamhspleách in 2021). Martin Kenny (SF), Marian Harkin (Neamhspleách), agus Frank Feighan (FG).

Thumb
Frank Feighan, FG

Olltoghchán 2024

In Olltoghchán 2024, bhí seachtar déag cláraithe le seasamh, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Martin Kenny (SF), Marian Harkin (Nspl) agus Frank Feighan (FG - bhí cuid de na vótaí a bhíodh ar fáil dó i Ros Comáin, a chontae dúchais, caillte aige in 2024).

Bhí titim amach bhinbeach idir an Teachta Dála Marc McSharry, a toghadh d’Fhianna Fáil in 2020 agus ceannaire an pháirtí Micheál Martin (FF). Bhí sé de mhisneach ag McSharry a rá go raibh Varadkar ag déanamh beithé de Mhicheál Martin.[2] Ba é a dheireadh gur éirigh McSharry as an bpáirtí in 2021. Ar an 15 Deireadh Fómhair 2021, d'éirigh MacSharry as Páirtí Pairliminte Fhianna Fáil i ndiaidh do tacú leis an rúin mí-mhuiníne san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney sa Dáil.[3] Níor sheas sé san Olltoghchán 2024, ach sheas col ceathar leis, an Comhairleoir Edel McSharry (FF). Sí atá i gceannas ar an Scoil Altranais atá ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh [ATU] i Sligeach.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Eamon Scanlon (FF) agus atoghadh Martin Kenny (SF), Marian Harkin (Neamhspleách), agus Frank Feighan (FG).

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads