Split
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is í Split an chathair is mó sa Dalmáit, an dara cathair is mó sa Chróit. Suite ar an Muir Aidriad dhrithleach, "tá beocht gheal bhríomhar i bhféitheacha na cathrach seo".[1]
De réir daonáireamh 2011 bhí daonra 178,192 ann. Tá sí mar an dara port is mó sa tír agus an tríú is mó ar an Meánmhuir. Is í lárionad riaracháin Chontae Split-na Dalmáite (Splitsko-dalmatinska županija).

Remove ads
Stair
Creidtear go raibh an grúpa ársa Aspalathos/Spalatos (ón nGréigis) ina chónaí san áit a bhfuil mar lár na cathrach sa lá atá inniu ann. Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise, aspalathos (ασπάλαθος), angiolcach shléibhe a fhásann san áit go réidh.[2]
Sa mheánaois tugadh Spalatum ar an gcathair, agus is é Spalato leagan Iodáilis. Split is ea an t-ainm Cróitis agus i rith an 19ú haois tugadh Spljet uirthi.
Remove ads
Suíomhanna
Is é Pálás Diocletian, nó iar-phálás Dióicléitiánais, a sheasann i gcroílár na cathrach, ollstruchtúr Rómhánach atá athraithe ó bhonn le bheith mar chroí an tsaoil laethúil inniu. Tógadh é sa 4ú haois. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é (de chuid UNESCO, agus ón mbliain 1979). Is croí an pháláis é an Peristyle, cearnóg mhaorga crioslaithe le colúin Chorantacha.[1]
Cúpla céim thar seanteach Sigmund Freud, síneann promanáid Riva feadh an Aidriadaigh lena pailmeacha coimhthíocha agus a siopaí. Ceantar sóisialta na cathrach é Riva, áit a gcruinníonn daoine áitiúla le chéile gach lá chun a scíth a ligean le caife láidir dubh.[1]
Tá ceanncheathrú Cabhlach na Cróite súite ar an taobh ó dheas den leithinis i bport Lora.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads