Sigmund Freud

néareolaí Ostarach, bunaitheoir na síocanailíse From Wikipedia, the free encyclopedia

Sigmund Freud
Remove ads

Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud (6 Bealtaine 1856 - 23 Meán Fómhair 1939). Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamh-chomhfhiosacha an duine.

Thumb
Freud in aois a 16 bliana in éineacht lena mháthair, Amalia
Thumb
teach ina chónaigh sé .. Berggasse 19, Vín
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
1866 (8 bliain d'aois) lena n-athair
Remove ads

Smaointe

Thumb
Freud ag Ollscoil Clark i Meiriceá sa bhliain 1909. Tá sé ina shuí ar chlé, bata ina lámh. Carl Jung ar dheis.

Ba é barúil Freud go mbíonn brú faoi chois á dhéanamh ar chodanna áirithe d'intinn an duine ar neamhchead don duine féin:[1]

'I nóchaidí an naoú haois déag, tháinig Freud ar an tuairim go raibh cuimhní ag othair leis a bhain leis an am nuair a bhí siad ina bpáistí óga, agus go raibh na cuimhní sin brúite faoi chois. Ní hé go raibh na cuimhní dearmadta, ach bhí siad brúite siar isteach sa chuid sin den intinn ar thug Freud an “neamh-chomhfhios” air. Tá an coincheap de “bhrú faoi chois” lárnach i gcóras na síocanailíse mar atá léis an neamhchomhfheasa. Ní hann don tsíocanailís gan iad'.[2]

Thumb
1920, Hague

Rianann Freud na cuimhní coscracha seo siar go dtí fás an linbh. Is ionann an fás sin, dar leis, agus eagrú ar mhiangais an duine i leaba a chéile. Próiseas corraitheach atá anseo a chuireann comhdhéanamh na suibiachta soir siar dá buíochas.[1] Creidtear de réir na síocanailíse gurb é coimpléasc Éadapas thar aon rud eile a chloíonn teacht aniar na suibiachta.

Céimeanna

Is leis an úd a thosaíonn an leanbh sa saol, fuinneamh ar bhunús leis ná tréith an ghnéis agus tréith an fhoréigin. Mar a théann an páiste ar aghaidh, is de réir a chéile a fhaigheann sé tuiscint níos fearr ar an saol, agus tagann an mise (nó féin) chun cinn. Is é an mise tréith réasúnta loighciúil sa duine.

Níos déanaí arís, tagann an barrmise chun solais. Is cosúil leis an gcoinsian é an barrmise (nó sárfhéin), mar go mbaineann sé le cuidiú le daoine eile agus gan dochar a dhéanamh dóibh, mar shampla.

Tá dlúthbhaint ag na céimeanna seo le fás corpartha an pháiste, agus leis an dul chun cinn a dhéanann sé le hábhar a ghrá agus a ghnéis, de réir cuid leabhar Freud.

Thumb
1926
Remove ads

Leabhair

Scríobh Freud leabhar tábhachtach sa bhliain 1899, dar teideal an Léirmhíniú Brionglóidí.[3]

Scríobh Freud ar ghnéas an oideachais i leabhar dar teideal Trí Aiste ar Theoiric na Gnéasachta (1905).

Saol

Bhuail ailse géill Freud sna 1930idí. Ró-phianmhar & míchompordach, thug a chairde ródháileog moirfín dó faoi dheireadh. Fuair Freud bás (eotanáis) i Londain, Sasana ar an 23 Meán Fómhair 1939.

Thumb
lámhscríbhinn

Tuilleadh léitheoireachta

  • Insíonn an leabhar, An Dochtúir Áthas, le Liam Mac Cóil, scéal faoi fhear atá ag freastal ar shíocanailísí. Ní luaitear ainm an fhir seo san úrscéal nó ní thugtar mórán eolais faoi Mar úrscéal a bhfuil saol Sigmund Freud mar ábhar aige, luaitear teoiric Fhreudach féin go minic.[4]
  • Tóraíocht an Mhíshonais: Príomhchoincheapa Freud agus Jung, le Pádraig Mac Fheargusa, Coiscéim, 1997
  • The Life and Works of Sigmund Freud, Ernest Jones, Edited and Abridged in One Volume by Lionel Trilling and Steven Marcus, Basic Books, New York, 1961 (Beathaisnéis Freud as Béarla ón chomhghuaillí Jones)
  • Céad bliain de Sigmund Freud, as Béarla Curtha i gcartlann 2005-12-27 ar an Wayback Machine
  • An Dochtúir Áthas, Liam Mac Cóil, Leabhar Breac, 1994 (úrscéal a phléann an tsíocanailís agus gnéithe de shaol Freud)
  • Freud: A Life for Our Time Peter Gay
  • The Assault on Truth: Freud's Suppression of the Seduction Theory Jeffrey Masson
  • The Standard Edition of the Complete Psychological Works of Sigmund Freud James Strachey a d'aistrigh go Béarla
Remove ads

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads