Taylor Swift
amhránaí agus cumadóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is ceoltóir agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach í Taylor Alison Swift (a rugadh ar an 13 Nollaig 1989). Is bean ghnó í chomh maith.[1] Is í an bhean is sruthaithe ar Spotify. D’ainmnigh an iris Time Taylor Swift mar Phearsa na Bliana 2023.
Is í an réalta a shaothraigh an t-airgead is mó le linn na 2010-2020idí, dar le Forbes.


Remove ads
Rugadh Taylor in Iarthar Reading, Pennsylvania. Dhíol a thuismitheoirí feirm an teaghlaigh nuair a bhí Taylor trí bliana déag agus bhog siad go Tennessee.[2]
Gradaim
Is buaiteoir Grammy seacht n-uaire í, agus an faighteoir is óige i stair na honóra is airde i dtionscal an cheoil, Gradam Grammy le haghaidh Albam na Bliana. Chomh maith leis sin, is í an t-amhránaí is mó díol go digiteach riamh.
Téamaí
Is minic a insíonn sí scéalta grá: an lúcháir, an briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí; an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte; na fuaimdhreacha áille in folklore agus evermore agus na beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach.
Remove ads
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads