William Ramsay

ceimiceoir Albanach From Wikipedia, the free encyclopedia

William Ramsay
Remove ads

Ceimiceoir Albanach ab ea an Ridire William Ramsay (2 Deireadh Fómhair 185223 Iúil 1916).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhain sé clú amach mar gheall ar a chuid oibre ar na triathgháis. I gcomhar leis an Tiama Rayleigh, d'fhionn sé an dúil argón sa bhliain 1894. D'aithin sé na dúile héiliam, neon, crioptón is xeanón, agus thomhais sé a n-airíonna. D'aimsigh sé argón (1894), héiliam (1895), neon (1898), criptón (1898)[1], agus xeanón (1898).

Bhuaigh sé Duais Nóbel na ceimice i 1904.

Remove ads

Saol

Rugadh i nGlaschú é, mac le William Ramsay, C.E. agus le Catherine Ramsay (a rugadh mar Robertson). Ba nia é don gheolaí An Ridire Andrew Ramsay.

Rinne Ramsay a chuid staidéir in Ollscoil Ghlascú faoi Thomas Anderson agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí Ollscoil Tübingen sa Gearmáine, áit ar scríobh sé tráchtas dochtúireachta dar theideal “Investigations in the Toluic and Nitrotoluic Acids”.

Thumb
Ramsay ag obair

D'fhill Ramsay ar Ghlaschú mar chúntóir ag Anderson i gColáiste Anderson. Ceapadh é ina Ollamh le ceimic in Ollscoil Bhristó i 1879.

Phós sé Margaret Buchanan sa bhliain 1881, an bhliain chéanna ar ceapadh é mar 'Phríomhoide' nó 'Cheannaire' ar Ollscoil Bhristó. Lean sé air ag déanamh taighde ar cheimic orgánach agus ar na triathgháis.

I 1887 tháinig sé i gcomharbas ar Alexander Williamson mar 'Chathaoirleach na Ceimice' i gColáiste na hOllscoile i Londain.

Fuair sé bás in High Wycombe, Buckinghamshire, i 1916.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads