Woody Guthrie

amhránaí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Woody Guthrie
Remove ads

Cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach ab ea Woodrow Wilson "Woody" Guthrie (14 Iúil, 19123 Deireadh Fómhair, 1967), duine de na ceoltóirí ba mhó le rá sa 20ú haois. Nuair a chailleadh Guthrie ag deireadh na seascaidí, fágadh na céadta amhrán agus bailéad ina dhiaidh, a cuimsíonn plé ar pholaitíocht, amhráin traidisiúnta agus fiú amhráin do pháistí. Sheinn Guthrie gan stad ina shaol, go minic leis an sluán "This Machine Kills Fascists" ("Maraíonn an Meaisín seo Faisistithe") le feiceáil ar a ghiotár. An rian is cáiliúla a tháinig uaidh ná "This Land Is Your Land", a cantar go minic fós i scoileanna Meiriceánacha.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Thaistil Guthrie leis na spailpíní fánacha ó Oklahoma go California, ag foghlaim na hamhráin traidisiúnta agus gormacha a bhí acu ar an dturas. Bhí a chuid cumadóireachta bunaithe ar a thaithí le linn an Spealta Mhóir, agus tá aithne air mar "Troubadour na Dúiche ". Bhí baint aige le grúpaí Cumannacha sna Stáit Aontaithe, ach níor chláraigh sé le páirtí ar bith.

Phós Guthrie trí huaire agus bhí ochtar clainne aige, an ceoltóir Arlo Guthrie ina measc. Is gariníon leis í an ceoltóir Sarah Lee Guthrie. Bhásaigh Guthrie de bharr deacrachtaí le Galar Huntington. In ainneoin an tinneas, chaith Guthrie a laethanta deireanacha ag tabhairt inspioráid do ghlúin nua cheoltóirí, agus bhí sé ina bhéal múinte ar dhaoine ar nós Ramblin' Jack Elliott agus Bob Dylan.


Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads