duine a chleachtann an leigheas go gairmiúil From Wikipedia, the free encyclopedia
Duine a bhfuil údarás aige/aici míochaine a chleachtadh is ea dochtúir leighis nó lia, tar éis cúrsa faofa traenála a chríochnú go rathúil, a dtugtar dochtúir air sa ghnáthchaint.[1]
Cineál fostaíochta | gairmí sláinte |
---|---|
Réimse oibre | míochaine |
Bhunaigh Thomas Linacre Coláiste Ríoga na Lianna i Londain i 1518, chun cúrsa traenála caighdeánach a leagan síos is a mhonatóiriú i gcomhair lianna sa Bhreatain.
Déantar idirdhealú idir lia is máinlia: sa mháinliacht a bhíonn a thraenáil siúd. Bíonn 'an Dochtúir' mar theideal ag lia, ach 'an tUasal' ag máinlia.
Tá dochtúirí ann a thugann aire ghinearálta ar fud na tíre, agus tugtar dochtúirí teaghlaigh orthu siúd.
Tá dochtúirí eile ar shaineolaithe iad, agus is gnách dóibh freastal a dhéanamh ar a gcuid othar i mbailte móra. Tá cuid acu seo araon a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha.
I ndiaidh sé bliana i ndámh an leighis in ollscoil i bPoblacht na hÉireann, nó cúig bliana i dTuaisceart Éireann, cáilíonn an mac léinn mar dhochtúir leighis, nuair a bhronntar céim ollscoile air agus nuair a bhronnann an Chomhairle Leighis in Éirinn no an GMC sa Bhreatain ceadúnas teoranta leighis air. Ar feadh bliain is féidir leis obair mar intéirneach in ospidéal.
I ndiaidh sín, ní sé dianstaidéar ar ghné den leigheas, cuid acu mar lianna teaghlaigh, cuid eile sna speisialtachtaí leighis.
Bíonn air nó uirthi scrúdaithe bhreise a bhaint amach i ndiaidh oibriú sa ghné chéanna den leigheas, chun cáilíocht a bhaint amach ó cheann des na coláistí saineolaithe. mar sh, le aitheantas mar lia chomhairleathach a bhaint amach, bíonn ar dhochtúir leighis scrúdaithe Choláiste Ríoga um Máinliachta in Éirinn Curtha i gcartlann 2005-11-07 ar an Wayback Machine, Sasana nó ceann des na Coláistí Albanacha a bhaint amach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.