From Wikipedia, the free encyclopedia
Stráice talún sa Mheánoirthear is ea Stráice Gaza (Araibis: قطاع غزة Qiṭɑʿ Ġazza/Qita' Ghazzah, Eabhrais: רצועת עזה Retzu'at 'Azza), atá suite ar chósta na Meánmhara idir Iosrael agus an Éigipt.
Stráice Gaza | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Cathair Gaza | ||||
Suíomh | |||||
Críoch á éileamh ag | Iosrael | ||||
Stát ceannasach | Stát na Palaistíne | ||||
Príomhchathair | Cathair Gaza | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,098,389 (2023) | ||||
• Dlús | 5,749.01 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Stát na Palaistíne | ||||
Achar dromchla | 365 km² | ||||
Imeallbhord | 42 km | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Besor River (en) agus an Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Abu Auda (en) (105 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1949 | ||||
Eachtra thábhachtach | Israeli disengagement from Gaza (en) Battle of Gaza (2007) (en) Fatah–Hamas conflict (en) Gaza War, 2008-2009 (en) Gaza flotilla raid (en) Operation Pillar of Defense (en) Coimhlint Iosrael–Gaza 2014 Operation Guardian of the Walls (en) Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019 Cogadht Iosrael-Hamas | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | seiceal nua | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | +970 |
Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.
Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.[1]
Mhill arm Iosrael an rúidbhealach in Aerfort Idirnáisiúnta Iasar Arafat le buamaí i 2000.
Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[2] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[3]). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa 2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.[4]
Tharla go leor ó shin ... Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022, Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 ...
Is é Hamas an t-aon pháirtí amháin atá i gceannas ar shaol polaitíochta na háite faoi láthair.
Sa bhliain 2008 coinneáladh Naisrín Elsafty agus Treasa Ní Cheannabháin tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[5]
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[6] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.