Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ar an 9 Deireadh Fómhair 2023, rinne Iosrael ruathair aeir roinnt uaireanta ar Jabalia, an campa teifeach is mó in Gaza, le linn Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023/2024.


Remove ads
Tá Jabalia suite i dtuaisceart stráice Gaza. Achar 1400 méadar cearnach atá sa champa, agus bhí 116,011 teifeach cláraithe ann, de réir UNRWA.[1] Bunaíodh an campa sa bhliain 1948.
Tharla an chéad ruathar aeir ar Jabalia de chuid Iosrael ar 9 Deireadh Fómhair 2023. Maraíodh b'fhéidir leathchéad duine. Bhuamáil Iosrael Jabalia arís ar an 12, 19 agus 22 Deireadh Fómhair agus le linn 2024.
Ar 24 Deireadh Fómhair, mhaígh lucht arm Iosrael nach raibh á n-ionsaí ón aer acu ach láithreacha ina raibh Hamas ag cruinniú, creid nó ná creid.[2] Ceárta corraíl pholaitíochta, bhí Jabalia beo le sceimhlitheoireacht, a mhaígh an IDF (arm Iosrael).
Tharla ruathar ollmhór ar 31 Deireadh Fómhair[3][4] agus bhí an campa teifeach breac le cráitéir ollmhóra.[5] 'Damáiste comhthaobhach' a thug Iosrael ar an scrios. Cháin Martin Griffiths, Ceannasaí Fóirithinte na Náisiún Aontaithe, an sléacht.[6]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads