Coimhlint Iosrael–Gaza 2014

From Wikipedia, the free encyclopedia

Coimhlint Iosrael–Gaza 2014
Remove ads

i gcoimhlint Iosrael–Gaza sa bhliain 2014, maraíodh 2,100̹̟+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1]

Thumb
Ollscrios i mBeit Hanoun.  Grianghraf ar 5 Lúnasa 2014
Fíricí Gasta Cineál, Cuid de ...
Remove ads

Cúlra

I mí Aibreáin 2014, bhí an sprioc am a bhí socruithe ag Meiriceá d'Iosrael agus don Phalaistín le comhaontú síochána a bheith déanta sa Meán Oirthear caite gan aon réiteach a bheith déanta.[2]

Foréigean seicteach agus fánach

Ar 12 Meitheamh 2014,  fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[3] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[4]). Dúirt rialtas na hÉireann ag an am, “Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”[5]

Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go n-imreofar an lámh láidir ar Phalaistínigh mar gheall ar an ionsaí. Ar 8 Iúil 2014, chuir Iosrael tús le hionsaithe aeir agus talún ar stráice Ghaza.[6] Sa chogaíocht a lean, maraíodh 2,100+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1] Tharla ionsaithe gan ábhar is cosúil, sárú ar chearta an duine.[7]

Fógraíodh an Éigipt sos comhraic don chéad uair ar 14 Iúil.[8]

Thosaigh cainteanna idir Iosrael agus Hamas i gCaireo ar 12 Lúnasa.[9] D'fhógair Iosrael ar 19 Lúnasa go raibh sos lámhaigh thart.[10] Stop na hionsaithe faoi dheireadh ar 26 Lúnasa 2014.

Remove ads

Níos déanaí

Níos déanaí, ar 18 Samhain 2014, maraíodh ceathrar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim.[11] Bhí gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt. Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.

In Éirinn

Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[12] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads