aisteoir Astrálach From Wikipedia, the free encyclopedia
Aisteoir Astrálach óg mór le rá ba ea Heathcliff Andrew Ledger (4 Aibreán 1979 – 22 Eanáir 2008).
Bhain sé cáil amach i Hollywood mar gheall ar an bpáirt a bhí aige i scannáin amhail The Patriot, Monster's Ball, agus Brokeback Mountain (páirt a thuill ainmniúchán Oscair dó).
Sa scannán ’The Dark Knight de chuid Christopher Nolan, "bhain léiriú Heath Ledger[1] an solas ón gceann feadhna Christian Bale[2]"[3] agus moladh mór faighte aige roimhe sin as beocht as an nua a chur i gcarachtar a measadh a bhí curtha go tóin poill.[4][5] Bhain sé Oscar amach mar gheall ar a pháirt sa Dark Knight, an scannán deiridh a rinne Ledger sula bhfuair sé bás.[6]
Bhí Ledger i mbun scannán nua a dhéanamh, Imaginarium of Doctor Parnassus, nuair a fuair sé bás. D'éag sé gan choinne i Manhattan, Nua-Eabhrac. Ceaptar go raibh ródháileog piollairí suain mar thrúig bháis.[7]
Bhain Ledger Gradam an Acadaimh i mí Fheabhra, 2009, bliain i ndiaidh a bháis.
Scannáin | |||
---|---|---|---|
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí eile |
1997 | Paws | Oberon | |
Blackrock | Toby | ||
1999 | 10 Things I Hate About You | Patrick Verona | |
Two Hands | Jimmy | Ainmniúchán ón AFI fá choinne gradam | |
2000 | The Patriot | Gabriel Martin | |
2001 | Monster's Ball | Sonny Grotowski | |
A Knight's Tale | Sir William Thatcher/ Sir Ulrich von Lichtenstein of Gelderland | ||
2002 | The Four Feathers | Harry Faversham | |
2003 | The Order | Alex Bernier | |
Ned Kelly | Ned Kelly | Ainmniúchán óna Australian Film Institute Awards | |
2005 | Casanova | Giacomo Casanova | |
Brokeback Mountain | Ennis del Mar | Ainmniúcháin Oscair Ainmniúchán Golden Globe Ainmniúchán BAFTA Ainmniúchán Screen Actors Guild | |
The Brothers Grimm | Jacob Grimm | ||
Lords of Dogtown | Skip Engblom | ||
2006 | Candy | Dan | |
2007 | I'm Not There. | Robbie Clark | |
2008 | The Dark Knight | The Joker | iar-tháirgíochta |
2009 | The Imaginarium of Doctor Parnassus | Tony | |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.