From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ghrúpa foirgneamh ilstórach é an tIonad Trádála Domhanda (Béarla: World Trade Center (WTC)), suite i Nua-Eabhrac. Leagadh go talamh an WTC in ionsaí sceimhlitheoireachta 9/11, ar an 11 Meán Fómhair 2001.
Ionad Trádála Domhanda | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Coimpléasc foirgneamh agus foirgneamh nó struchtúr scriosta | |||
Ailtire | Minoru Yamasaki Emery Roth & Sons (en) | |||
Príomhconraitheoir tógála | Tishman Realty & Construction (en) | |||
Foirgníocht | 25 Lúnasa 1966 | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 11 Meán Fómhair 2001 , 9/11 | |||
Croineolaíocht | ||||
25 Lúnasa 1966 | réiteach an tsuímh | |||
Lúnasa 1968 – Bealtaine 1987 | foirgníocht | |||
4 Aibreán 1973 | oscailt | |||
26 Feabhra 1993 | ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
11 Meán Fómhair 2001 | ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
11 Meán Fómhair 2001 – 31 Bealtaine 2002 | scartáil | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | scartáilte nó scriosta | |||
Déanta as | Cruach dhomheirgthe, coincréit agus marmar | |||
Costas | 900,980,759 $ | |||
Tomhas | 417 () m | |||
Achar dromchla | 800,000 m² | |||
Floors above ground (en) | 110 | |||
Number of elevators (en) | 198 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Manhattan, New York | |||
Suíomh | World Trade Center site (en) | |||
| ||||
Codanna | World Trade Center twin towers (en) 4 World Trade Center (en) 5 World Trade Center (en) Marriott World Trade Center (en) 7 World Trade Center (en) Austin J. Tobin Plaza (en) | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Silverstein Properties (en) (2001–) Westfield Group (en) (2001–) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | wtc.com | |||
Níl an áit ina raibh an tIonad Trádála Domhanda suite ach coiscéimeanna ón áit a bhfuil an t-ionad cuimhneacháin, an "Irish Hunger Memorial", i Battery Park City ag Vesey Street agus North End Avenue, ar bhruach Abhainn an Hudson[1].
Bhí seacht bhfoirgneamh ar fad ann. Minoru Yamasaki, ailtire Meiriceánach, a dhear an t-ionad don Port Authority of New York and New Jersey (PTA). D'osclaíodh go hoifigiúil an WTC ar 4 Aibreán 1973.
Sa bhliain 1993, maraíodh seisear nuair a phléasc buama i ngaráiste páirceála faoin World Trade Center. Ar an lá sin, tháinig an Gael-Mheiriceánach Eamon J. McEneaney slán as an Ionad Trádála Domhanda mar laoch: "nuair a phléasc buama faoin dá thúr ar an lá sneachtúil sin, threoraigh McEneaney suas le 60 duine dá chomhoibrithe trí staighrí dorcha a bhí lán toite go dtí go raibh siad slán sábháilte"[2].
Leagadh go talamh an WTC in ionsaí sceimhlitheoireachta 9/11, ar an 11 Meán Fómhair 2001.[3] Tá go leor searmanas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hócáidí sin, bhí póilín de bhunadh Éireannach, Stephen Driscoll[4].
Tá foirgnimh ilstórach ar an suíomh anois, 1-7 World Trade Center "[5], in éineacht le cuimhneachán do na daoine a fuair bás sa tragóid, agus músaem faoin ionsaí 9/11 agus modh iompair an WTC.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.