Alan Kurdi

páiste trí bliana a fuair bás nuair a d'iompaigh a bhád béal faoi From Wikipedia, the free encyclopedia

Alan Kurdi
Remove ads

Báthadh Aylan Kurdi (nó Alan Kurdi), 3 bliain d'aois, i mBodrum, in iardheisceart na Tuirce ar an 2 Meán Fómhair 2015. Thug a theaghlach aghaidh ar an nGréig chun éalú ón bhforéigean sa tSiria; turas farraige dainséarach. Tharraing íomhánna chorp an linbh óig i mBodrum aird go hidirnáisiúnta ar ghéarchéim na dteifeach ag an am sin.

Thumb
múrphictiúr i Frankfurt am Main
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Imeachtaí

Báthadh Aylan Kurdi, a máthair Rehan (35 bliain d'aois) agus a dheartháir Galip (5) sa tubaiste.

Fritheadh athair na leanaí, Abdullah Kurdi gan aithne, gan urlabhra ar an trá. Tugadh ag an ospidéal in Bodrum é.

Thumb
Cuimhneachán ar an toirt sa Ghearmáin
Thumb
Cuimhneachán, Defend International, M.F. 2015.

Bhí na tuismitheoirí ag iarraidh Ceanada a bhaint amach i ndiaidh dóibh cathair Kobani i Siria a fhágaint de bharr na cogaíochta ann. Bhí gaol an teaghlaigh lonnaithe i gCeanada. Ach ar dtús bhí iarrachtaí déanta ag na tuismitheoirí an Tuirc a bhaint amach.

Adhlacadh

Tugadh corp Aylan, corp Galip agus corp mháthair na beirte, abhaile chomh fada leis an tSiria. Cuireadh na buachaillí agus an mháthair ina mbaile dúchais Kobane ar an 4 Meán Fómhair.

Dúirt athair na leanaí go raibh súil aige go gcabhródh na Stáit Arabacha le teifigh agus le himircigh anois i bhfianaise na géarchéime seo. Choinnigh sé guaim air féin d'ainneoin na tubaiste.

Gabháil

Ghabh póilíní na Tuirce ceathrar as an tSiria, agus iad faoi amhras gur smuigleáil siad teifigh ón Tuirc go hoileán Dogan na Gréige ar bhád a chuaigh go grinneall agus as ar báthadh 12, Aylan Kurdi ina measc.

Ar an 4 Márta 2016, bhí ceithre bliana príosúin gearrtha ar bheirt ón tSiria maidir le smuigléireacht ar an 2 Meán Fómhair 2015.[1] Fuarthas neamhchiontach iad, áfach, i gcúiseanna a bhain le neamart go raibh bás mar thoradh air.

Remove ads

Iarmhairtí

Thumb
Frances Fitzgerald - ní dhearna an rialtas beart de réir a briathair

Choinnigh an grianghrafadóir nuachta, Nilüfer Demir, taifead d'iarmhairt na tubaiste (le cabhair ó Peter Bouckaert, ó Human Rights Watch[2]). Bhí íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe mórthimpeall an domhain; tharraing siad aird ar ghéarchéim na dteifeach.[3]

Bíonn go leor turasóirí ag tarraingt ar an gceantar Bodrum, ionad saoire do dhaoine ón Iarthar.[4] Is mór mar sin idir an craic agus an crá.

Ar dtús, tarraingíodh aird an domhain ar riocht na n-inimirceach nuair a taispeánadh grianghraif sna meáin de chorp Aylan Kurdi ar an trá.[5] Úsáideadh grianghraf den leanbh básaithe i bhfeachtas ar son na dTeifeach.[6] Léiríodh comhbhá ar fud an domhain leis na teifigh.

Mar shampla, ocht lá níos déanaí, ar an 10 Meán Fómhair 2015, dúirt an tAire Dlí is Cirt in Éirinn, Frances Fitzgerald go gcuirfeadh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi "Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann".[7] Ach níor rinne sí beart de réir a briathair; níor tháinig ach líon beag in Éirinn sa bhliain 2015.

Thumb
Viktor Orbán; ní raibh sé sásta cabhair a thabhairt

Tamall beag i ndiaidh tubaiste Kurdi, chuaigh géarchéim na n-inimirceach san Aontas Eorpach chun donais.[8] Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag an Ungáir (an príomh-aire Viktor Orbán agus a rialtas a bhí go mór ar an eite dheas), toisc go raibh os cionn "200,000 imirceach" (sin a mhaígh Orban) tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor.[9]

Sa bhliain 2016, bhí an AE ag áitiú ar bhallstáit agus ar an Tuirc tuilleadh comhoibriú a dhéanamh lena chéile féachaint le dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads