Anwar Sadat

Uachtarán na hÉigipte ó 1970 go 1981 From Wikipedia, the free encyclopedia

Anwar Sadat
Remove ads

Iar-uachtarán na hÉigipte ba ea Muhammad Anwar el-Sadat (a rugadh ar an 25 Nollaig 1918).

Thumb
Egyptian Revolutionary Command Council 1953
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Saighdiúireacht

Thumb
Camp David, Meán Fómhair 1978. Uachtarán Sadat na hÉigipte (ar clé) agus Príomh-Aire Iosrael, Menachim Begin. Ócáid stairiúil agus iad ag croitheadh láimhe. Uachtarán Mheiriceá, Jimmy Carter, ag faire orthu.

Bhí cúlra tuathánach ag Anwar Sadat. D'éirigh sé ina oifigeach airm agus d'éirigh sé an-mhór le Nasser.[1]

Toisc go raibh an deargfhuath aige don chumhacht a bhí ag na Sasanaigh san Éigipt, bhí baint aige leis na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda. Dá bhrí sin cuireadh i bpríosún é.

D'fhill Sadat ar an arm sa bhliain 1950 agus ghlac sé páirt in éirí amach Nasser nuair a threascair sé réimeas lofa an Rí Farouk.

Remove ads

Uachtarán

Is iomaí post a bhí ag Sadat i rialtas Nasser sular lean sé i gcumhacht é mar Uachtarán ar an Éigipt sa bhliain 1970. Bhí Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 1981. Tar éis theip na hÉigipte i gCogadh Yom Kippur, ní raibh sé sásta a bheith ag brath ar na Rúisigh an méid sin. Bhí sé sásta a bheith ag comhoibriú níos mó leis na Stáit Aontaithe.

Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach aige cuairt a thabhairt ar Iosrael agus brú a chur ar Uachtarán Iosrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána Camp David.

Ar an 17 Meán Fómhair 1978, shínigh Sadat, agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán.

Thumb
Gerald Ford agus Anwar Sadat i Salzburg 1975

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Sadat i nDeireadh Fómhair 1978.

Remove ads

Feallmharú

Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata Ioslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Sadat ar an 6 Deireadh Fómhair 1981.

Thumb
Ronald Reagan and Sadat 1981

Cúpla lá níos déanaí, ceapadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair 1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads