Stráice Gaza
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Stráice talún sa Mheánoirthear is ea Stráice Gaza (Araibis: قطاع غزة Qiṭɑʿ Ġazza/Qita' Ghazzah, Eabhrais: רצועת עזה Retzu'at 'Azza), atá suite ar chósta na Meánmhara idir Iosrael agus an Éigipt.
Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.
Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.[1]
Remove ads
Stair
Mhill arm Iosrael an rúidbhealach in Aerfort Idirnáisiúnta Iasar Arafat le buamaí i 2000.

Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[2] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[3]). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa 2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.[4]
Tharla go leor ó shin ... Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022, Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 ...
Remove ads
Polaitíocht
Is é Hamas an t-aon pháirtí amháin atá i gceannas ar shaol polaitíochta na háite faoi láthair.
Baint Éireannach
Sa bhliain 2008 coinneáladh Naisrín Elsafty agus Treasa Ní Cheannabháin tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[5]
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[6] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
Féach freisin
Íomhánna
- Íomhá satailíte an Stráice
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads