Brughaidh

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

I nÉirinn réamh-Chríostaí agus na meánaois, feirmeoir saor ab ea Brughaidh (Sean-Ghaeilge Briugu) nó biathach. Sa mhéid sin, bhítí san áireamh leis na haithigh (úinéirí talún saor neamh-uasal) agus na haos dána.

De bharr a shaibhris agus fáilteachais, bhí aicme shóisialta ard ag an mbrughaidh, beagnach chomh hard le tiarna.[1] Sa chliarlathas trí-chéimeach na nGael – uaisle, saoirsigh agus daoir – sheasadh an brughaidh idir na huaisle agus na saorsigh. De réir na seantéacsanna dlí, bhí an teideal Briugu i réim sa bhrí seo go dtí an 16ú haois.[2]

Remove ads

Miotais agus Scéalta

I roinnt seanscéalta na nGael, léirítear an brughaidh mar fhear le saintréithe miotasacha. Go minic is é a bhruíon áit a tharlaíonn imeachtaí miotasacha nó gránna.

Remove ads

Foinsí

  • Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
  • Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5, lch. 56.
  • Wolfgang Meid: Die Kelten. Reclams Universal-Bibliothek, Stuttgart 2007, ISBN 978-3-15-017053-3.
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads