Pyotr Ilyich Tchaikovsky

cumadóir Rúiseach From Wikipedia, the free encyclopedia

Pyotr Ilyich Tchaikovsky
Remove ads

Cumadóir Rúiseach a bhí i bPyotr Ilyich Tchaikovsky (Rúisis: Пётр Ильич Чайковский) (7 Bealtaine, 1840 - 6 Samhain, 1893). Tá clú agus cáil air ar fud an domhain. Meastar go bhfuil sé ar dhuine de na cumadóirí is tábhachtaí i stair an cheoil.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Thumb
1863
Remove ads

Saol

Thumb
1874

Rugadh Tchaikovsky i Votkinsk, cathair bheag in Udmurtiya, an dara páisete de sheisear clainne. Bhí a mhuintir saibhir.

Sa bhliain 1854, in aois 14, thosaigh sé ag cumadóireacht tar éis dá mháthair bás a fáil go tobann. In 1859, cháiligh sé ón Scoll Dlí Impiriúlach agus fuair sé post mar chléireach dlí.

In 1863, in aois 23, d'éirigh sé as a phost agus d'fhreastail sé ar an Ardscoil Cheoil i gCathair Pheadair. Cháiligh sé tar éis ceithre bliana. In 1866, thosaigh sé ag múineadh ceoil san ardscoil nua i Moscó.

Thumb
1877

In 1876, fuair sé patrúnacht ó bhaintreach shaibhir, Madame von Meck. Thug sí $600 sa bhliain dó ar feadh 14 bliain, a chabhraigh leis cumadh go lánaimseartha. Ach níor casadh ar a chéile iad riamh.

Sa bhliain 1877, chum sé Loch na nEalaí. Ach ansin chlis a shláinte intinne agus chuaigh sé go dtí an Eilvéis agus an Iodáil chun sos a fháil.

Thumb
timpeall 1880

In 1885, bhronn Sár na Rúise gradam air agus bhl cáil ar a chuid ceoil ar fud nEorpa. Ach chaith sé a lán ama ina aonar faoin tuath sa Rúis.

In 1893, in aois 53, fuair sé bás i gCathair Pheadair. Creidtear gur tháinig galar an chalair air nuair a d'ól sé uisce salach.[1]

Remove ads

Saothar

Cumadóir a chum sa stíl Rómánsach ab ea Tchaikovsky. Scríobh sé siansaí, coinséartaí, ceoldrámaí, bailéanna, agus ceol aireagail.

Léirigh an Bhailé Impiriúil na Rúise (an Bolshoi) Лебединое Озеро (Loch na hEalaSwan Lake) don chéad uair, ar an 4 Márta 1877 i Moscó[2].

Féach freisin

  • Loch na hEala

Naisc

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads