Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is eagraíocht mhíleata idirnáisiúnta a bhfuil 32 ballstát inti, 30 san Eoraip agus dhá cheann i Meiriceá Thuaidh, í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, nó ECAT (Béarla: North Atlantic Treaty Organisation - NATO, Fraincis: Organisation du traité de l'Atlantique nord - OTAN).
Is córas comhslándála í ECAT: beartaíonn a ballstáit neamhspleácha an fód a sheasamh in aghaidh aon ionradh ón iasacht. I rith an Chogaidh Fhuair, ba shrian í ECAT ar bhagairt an Aontais Shóivéadaigh. D'fhan ECAT i bhfeidhm i ndiaidh scor an Aontais Shóivéadaigh agus Comhaontú Vársá, agus bhí agus tá baint acu in oibríochtaí míleata sna Balcáin, sa Mheánoirthear, san Áise Theas, agus san Afraic.
Is é "animus in consulendo liber" mana na heagraíochta (Laidin ar: meabhair gan srian sa mhachnamh).
Remove ads
Straitéis
Bhí an tréimhse fhada gan cogaí idir mórthíortha san Eoraip ón Dara Chogadh Domhanda go dtí ionradh na Rúise ar an Úcráin sa bhliain 2022 bunaithe ar dhá bhac, nó díspreagadh.[1]
- Ar thaobh amháin bhí armlann núicléach na Rúise, an armlann núicléach is mó ar domhan, a d’fhág (agus a fhágann fós) gurbh ionann agus féinmharú a bheadh ann don iarthar ionradh a dhéanamh ar an Rúis nó an bloc Sóivéadach mar a bhí.
- Ar an dtaobh eile, bhí Alt a 5 de Chonradh NATO a d’fhág gur chreid gach éinne – an Rúis san áireamh – go dtiocfadh ballstáit uile NATO, agus Meiriceá go háirithe, i gcabhair ar aon bhallstát a ndéanfaí ionsaí air. Agus dar ndóigh cumhacht mhór núicléach eile ba ea Meiriceá agus is ea fós. D’fhág sin go raibh an riosca a bhain le hionsaí rómhór do cheachtar taobh.
Sa bhliain 2025, chuir Donald Trump deireadh leis an gcóras slándála sin. Ní raibh meas madra aige ar chaidrimh fhadbhunaithe Mheiriceá lena gcomhghuaillithe. Ag an am céanna, níor chreid rialtais na hEorpa níos mó gur féidir brath ar Mheiriceá le teacht i gcabhair orthu.[1]
Remove ads
Stair


Cuireadh tús leis an gcomhghuaillíocht nuair a síníodh Conradh an Atlantaigh Thuaidh in Washington D.C. ar an 4 Aibreán, 1949.
An aidhm a bhí léi comhoibriú a bhunú idir thíortha an Iarthair le bagairt na Sóivéadach a chosc. An prionsabal a bhí ag ECAT gurb ionann ionsaí ar thír amháin agus ionsaí ar gach tír eile a bhí mar bhall de.[2]

Cé gur bunaíodh ECAT mar eagraíocht chosanta, bhreathnaigh na Sóivéadaigh uirthi mar chomhghuaillíocht ionsaitheach. Nuair a ceadaíodh don Ghearmáin Thiar bheith páirteach i 1955, dhaingnigh sin an dearcadh seo agus bhí APSS buartha go mbeadh an Ghearmáin ina tír láidir arís. Mar sin, i mBealtaine 1955 bunaíodh Comhaontú Vársá. Leagan cumannach de ECAT a bhí anseo leis na tíortha cumannacha uile ag aontú iad féin a chosaint i gcás ionsaithe ón Iarthar.
2023
Ar 4 Aibreán 2023, d'éirigh an Fhionlainn an 31ú ball de ECAT. Tír neodrach ab ea í an Fhionlainn ar feadh blianta fada ach chuir siad an neodracht sin ar leataobh anuraidh nuair a d’fhógair siad go raibh sé i gceist acu ballraíocht a fháil in ECAT, Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.[3]
2024
Dúirt Donald Trump i mí Feabhra 2024 go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe ECAT nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais, creid nó ná creid. Bhí sé ráite ag Trump, an iarrthóir Poblachtach don Uachtaránacht ag an am, nach dtiocfadh sé i gcabhair ar an Eoraip go deo agus go bhfuil port ECAT, mar eagraíocht chosanta, seinnte.
Mar thoradh ar na tuairimí seo, bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí ECAT go bhfuil ECAT fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith gur bhain Trump an bonn de ról ECAT trí bhonn a bhaint as creidiúnacht a dhíspreagadh. D’fhreagair Uachtarán na S-A, Joe Biden freisin agus é ag rá go raibh tuairimí Trump balbh, náireach agus contúirteach.[4] Ag an am céanna, bhí Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, ag maíomh gur chóir don Aontas Eorpach a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh cúrsaí cosanta de ('sí an Fhrainc an t-aon chumhacht núicléach san AE).[5]
Remove ads
ECAT agus Éire
Níl Éire ina ball den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i láthair na huaire. Ach cinnte tá Rialtas na hÉireann ag comhoibriú le ECAT. Mar gheall ar na bagairtí sna 2020idí (mar shampla, maidir le cibirionsaithe agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige timpeall na hÉireann), tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis agus ag an am céanna, tá Éire ag diúgaireacht ar ECAT maidir le cúrsaí cosanta.[6] Tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighinn sí comhairle ó ECAT. Ag an am céanna, tá beartais i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus ECAT a neartú i réimsí slándála agus cosanta.[7]
Eagraíocht
Tá ceanncheathrú na heagraíochta suite sa Bhruiséil, an Bheilg, ach tá a ceannáras míleata in aice le Mons sa tír chéanna. Tá Fórsa Freagartha ECAT lonnaithe ag an chomhghuaillíocht in Oirthear na hEorpa. Sa bhliain 2022, ba é caiteachas míleata ECAT foinse de 55 faoin chéad den iomlán domhanda.
Tá NATO eagraithe mar chomhghuaillíocht mhíleata agus tá sí mar bhunchloch na comhchosanta don chuid is mó de bhallstáit an AE, seachas Éire, Málta, an Ostair agus an Chipir. Má tharlaíonn aon rud d’aontacht NATO lagófar córas cosanta na hEorpa.
Remove ads
Baill
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads