Emmanuel Macron

Uachtarán na Fraince From Wikipedia, the free encyclopedia

Emmanuel Macron
Remove ads

Polaiteoir Francach, iarbhaincéir marsantach agus Uachtarán ar an Fhrainc, is ea Emmanuel Macron. Rugadh é ar an 21 Nollaig 1977 i gcathair Amiens na Fraince. Is é Emmanuel Macron an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...


Remove ads

Tús a shaoil

Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.

Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.

Thumb
a bhean Brigitte Macron, a rugadh in 1953, sa bhliain 2017

Polaitíocht

Thumb
An rí Macron (La fête à Macron, 2018)

Sa bhliain 2012, ghlac Macron le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.

I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtas Mhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.

Thumb
An tUasal Macron & Le Pen, 2017

Toghchán 2017

Thumb
Lá vótaíochta, 7 Bealtaine 2017

Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].

Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:

  • Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
  • Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.

Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24% na nguthanna, é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.[6]

Thumb
Macron, Putin agus Volodymyr Zelenskyy sa bhliain 2019

Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.

Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]

Insealbhaíodh Macron ina uachtarán ar an 14 Bealtaine.[10]

Toghchán 2022

Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[11] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[12]

Thumb
Macron agus Boris Johnson, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

Ar 24 Aibreán 2022, bhí Macron atofa mar uachtarán ar an bhFrainc, an chéad uachtarán reatha ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile ó 2002,[13][14]

Chloígh Macron a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017; bhí tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[15][16]

Ba é an teachtaireacht a bhí ag Macron roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.. D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna.[17]

Dúirt Macron go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.[13]

Thumb
Macron ag dul i ngleic le Trump, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

Polasaithe

Toghadh Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith.[18]

  • Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas Eorpach níos aontaithe agus níos láidre.[19]
  • Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide.[18]
  • Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.[18]
  • Tá Macron glan in aghaidh Putin. Sa bhliain 2022,d’iarr Macron go gcuirfeadh tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh” an Úcráin agus Putin freagrach as.[20]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads