Elon Musk

fear gnó Meiriceánach (rugadh 1971) From Wikipedia, the free encyclopedia

Elon Musk
Remove ads

Is fiontraí, fear gnó, ilbhilliúnaí, innealtóir, agus aireagóir é Elon Reeve Musk (a rugadh in Pretoria, san Afraic Theas ar 28 Meitheamh 1971).[1][2] Aithnítear é mar chomhbhunaitheoir PayPal, SpaceX, Tesla Motors agus Solar City.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Cheannaigh sé ar Twitter nó "X" in 2022 agus bhain sé úsáid as in 2024 le linn Feachtas Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 chun tacaíocht a thabhairt do Trump. Ansin ar an 12 Samhain 2024, chuir Trump Musk i gceannas ar thogra speisialta a bhfuil sé mar aidhm aige costais rialtais na Stát Aontaithe a laghdú agus a éifeacht a mhéadú,[3] dá bhrí sin chuir sé isteach ar fulangaithe céastóireachta i rith na Bliana 2025.[4][5]

Thumb
Elon Musk sa bhliain 2015
Remove ads

Airgeadas

D'éirigh Musk ina ilbhilliúnaí i dtús na 2000idí nuair a bhunaigh sé PayPal, an gcóras íoctha ar líne is mó ar domhan,

Iompar

Tá cáil ar Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.

Príomhalt: Tesla Motors

Tá cáil ar Musk chomh maith as leagan príobháideach den tointeálaí spáis (an F9/Dragon) a dhearadh.

Ag comhdháil TED i gCeanada sa bhliain 2022, thaispeáin an ceapadóir an físeán seo[2] a bhaineann lena thogra, an ‘Boring Company’. Tá sé mar fhís ag Musk tolláin iompair a tholladh sa talamh faoi chathracha móra mar Los Angeles.

Remove ads

Twitter

Cheannaigh Elon Musk Twitter - "X" anois - ar 27 Deireadh Fómhair 2022.[6][7] Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún.[8]

Príomhalt: Twitter

Polaitíocht

Sa bhliain 2024 thug Musk suimeanna ollmhóra airgid do fheachtas toghchánaíochta Donald Trump.

Musk agus Éire

Tá spéis á cur ag Musk i gcúrsaí na hÉireann, agus fonn air claon-úsáid a bhaint as ábhar a chuireann foinsí abhus faoina bhráid. Mar shampla, thug sé tacaíocht don iarthrodaí Conor McGregor mar iarrthóir uachtaránachta (bhí McGregor “awesome” dar le Musk). Thug sé tacaíocht chomh don fheachtas in aghaidh na leasuithe ar an mBunreacht ar diúltaíodh dóibh sna reifrinn sa bhliain 2024. I mí Eanáir 2025 léirigh sé aineolas, nó easpa cruinnis, ar a laghad, i ngiolc inar mhaígh sé nach raibh cur chuige an ‘Irish Republic Army’ chomh crua agus a bhíodh.[9]

Léirigh Musk a neamhaird gan scrupall ar fhíricí I mí Eanáir 2025. Mhaígh sé go raibh téarmaí príosúin níos faide á ngearradh ar shaoránaigh Éireannacha ná ar inimircigh mhídhleathacha. Thagair sé do chás cúirte in 2003 inar cuireadh iarrthóir tearmainn ón Ailgéir i bpríosún ar feadh sé bliana ar chúiseanna áirithe a mhínigh an breitheamh. Níor thagair Musk d’fhianaise mar thaca lena thuairim go ngearrtar téarmaí níos faide ar shaoránaigh na hÉireann – ní nach ionadh toisc ní raibh fianaise dá leithéid ar fáil, mar a léirigh tuairisc ar a bhréag a foilsíodh ar The Journal ar an 10 Eanáir 2025.[10]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading content...
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads