Ennio Morricone
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Cumadóir Iodálach ba ea Ennio Morricone (a rugadh ar 10 Nollaig 1928 sa Róimh agus a d'éag ar 6 Iúil 2020, in aois 91 bliain dó). Chum sé ceol do bhreis is 400 scannán.
Remove ads
Saothar
Bhí cáil ar Morricone mar gheall ar an gceol a chum sé do scannáin cosúil le ''A Fistful of Dollars'' agus ''The Good, the Bad and the Ugly''.[1] Go minic, titeann nótaí díchordacha Ennio Morricone anuas ar a chéile sa réamhcheol, tuar tréan na n-imeachtaí atá le teacht.[2] Sa scannán, "La Battaglia Di Algeri" (1966), bhain sé úsáid as ceol traidisiúnta ó thús deireadh.[3] Is é Morricone a chum na ceoltéamaí áille, allúracha do scannáin Leone.[4]
Bhuaigh Morricone gradam Oscar i 2016 don cheol a chum sé don scannán ''The Hateful Eight''. Bhuaigh sé gradaim Grammy agus Golden Globe dá chuid oibre chomh maith.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads