Himiléithe

sliabhraon i Lár na hÁise From Wikipedia, the free encyclopedia

Himiléithe
Remove ads

Sliabhraon is ea na Himiléithe, atá suite idir fo-ilchríoch na hIndia agus ardchlár na Tibéide. Tá na sléibhte is airde ar domhan le fáil sna Himiléithe, ina measc Sliabh Everest agus K2. Tá deich sliabh sa sliabhraon i measc na 14 is airde ar domhan.

Fíricí Gasta Cineál, Cuid de ...
Thumb
Mainistir Taktshang sa Bhútáin sna Himiléithe

Tosaíonn cuid de na haibhneacha is mó ar domhan, an Ganges, Indus, Brahmaputra, Yangtze, Mekong, Salween, Abhainn Rua, Xunjiang, Chao Phraya, Irrawaddy, Amu Darya, Syr Darya, Tarim agus Huang He, sna Himiléithe. Tá cónaí ar 3 billiúin duine i dtíortha éagsúla san abhantrach draenála (beagnach leath de mhuintir an domhain): an Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, Daon-Phoblacht na Síne, an India, Neipeal, Burma, an Chambóid, Táidsíceastáin, Úisbéiceastáin, an Tuircméanastáin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Téalainn, Laos, Vítneam, an Mhalaeisia agus an Phacastáin.

Bhí an-tionchar ag na Himiléithe ar chultúir Dheisceart na hÁise: is áiteanna naofa iad cuid de na sléibhte dar leis an mBúdachas, Hiondúchas, agus Suíceachas.

Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads