Liam Mac Réamoinn

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Liam Mac Réamoinn
Remove ads

Teachta Parlaiminte don Chlár Thoir, deartháir le ceannaire an Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann Seán Mac Réamainn, saighdiúir agus duine dár bpríomh-earcaitheoirí d’Arm na Breataine in Éirinn ab ea Liam Mac Réamoinn (Béarla: ''William Hoey Kearney RedmondWillie Redmond'').

Thumb
An Captaen Liam Mac Réamoinn i gceannas ar thrúpaí na hÉireann le linn an Chéad Chogadh Domhanda
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

[1], Bealtaine 2016ː bolscaireacht sa Illustrated London News, 6 Bealtaine 1916]]

Remove ads

Luathshaol

Rugadh Liam Mac Réamoinn sa bhliain 1861 i Loch Garman do mhuintir mór le rá sa saol polaitiúil agus gnó. Ar chuireadh ó Pharnell chuaigh Seán Mac Réamainn, deartháir Liaim, isteach i bParlaimint Westminster in 1881.

Thumb
Mac Réamainn ag caint i dTeach na dTeachtaí i 1907

Ag an am bhí Liam in a oifigeach i gcathlán Loch Garman den Royal Irish Regiment. D’éirigh sé as a choimisiún chun páirt a glacadh i gCogadh na Talún, agus chaith sé seal i bPriosún Chill Mhaighneáin de bharr a chuid gníomhaíochta sa chogadh sin.

I dteannta a dhearthár, agus ar iarratas ó Pharnell, chuaigh sé ag bailiú airgid san Astráil. Le linn dó a bheith ann chas sé leis an mbean a phós sé, Eleanor Dalton, iníon le hoifigeach dlí Astrálach.

Remove ads

Polaitíocht

Thumb
An Maor Liam Mac Réamoinn, ón Rolla Onóra a foilsíodh in The Illustrated London News ar an 16 Meitheamh 1917.

Toghadh Willie mar Fheisire Parlaiminte (FP) do Loch Garman in 1883 agus d’Fhear Manach in 1885. Sheas sé le Parnell nuair a scoilt an Páirtí Éireannach mar gheall ar Kitty O’Shea agus bhuaigh sé suíochán in Oirthear an Chláir in 1890, suíochán a choinnigh sé go dtí go bhfuair sé bás i 1917.

Mar fheisire i Westminster, bhí Liam faoi scáth a dhearthár. Ní dhearna sé aon éacht pharlaiminte, ach bhí meas air i measc a chomfheisirí.[2]

Duine ionraic cróga ab ea Liam, fear a thug géillsine do Rí Impire na Breataine agus a bhí dílis dó go himirt anama. Chreid sé sa Ríocht agus san impireacht úd, agus gurbh é leas na hÉireann a bheith mar dhlúthchuid díobh, ach Rialtas Dúchais a bheith aici. Is léir, ámh, nár chreid sé sa scarúnachas ná i neamhspleáchas na hÉireann.[3]

Thumb
Thumb
Remove ads

An Chéad Chogadh Domhanda

Nuair a d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin chuaigh Liam i mbun earcaíochta in Éirinn d’arm na Breataine, agus go háirithe don 16ú Rannán.

1914

Cé go raibh sé ina theachta Parlaiminte agus os cionn gnáthaois saighdiúrachta (in aois 53 dó sa bhliain 1914), liostáil Liam agus lorg sé ceapachán sna línte tosaigh.

Ar an 22 Samhain 1914 i gCorcaigh, thug Liam óráid cáiliúil, a eagraíodh chun fir Éireannacha a spreagadh chun liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[4]

1917

Is ar an óráid deiridh a thug sé i Westminster is mó atá cuimhne air. Ar an 7 Márta 1917, chuidigh Willie Redmond le rún a mhol T.P O’Connor go gcuirfí an tAcht um Rialtas Dúchais, a bhí ar fionraí, i bhfeidhm láithreach. Rinne sé mór den aontas a mhaígh sé a bheith idir shaighdiúirí as Éirinn in arm na Breataine, ba chuma ar ChaitlicighProtastúnaigh iad, as Uladh nó eile, a bhí ag troid i dteannta a chéile in aghaidh namhad chomónta.

Thagair sé don tacaíocht, ar an gcoinníoll go nglacfadh Protastúnaigh na Sé Chontae leis, a bhí léirithe sa pharlaimint don Acht D’impigh sé ar Edward Carson aontú agus thairg sé glacadh le coinníollacha a chuirfeadh chun suain imní na bProtastúnach roimh an móramh Caitliceach, cé nár chreid sé féin go raibh gá lena leithéid. Ar ndóigh, níor aontaigh Carson, theip ar an rún agus d’fhill Liam go brónach ar na trinsí.

Thumb
Uaimh Willie Redmond

Bás

Thumb
Uaimh Willie Redmond inniu

Gortaíodh é go marfach (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh 1917 i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.

Cuireadh é tráthnóna 8 Meitheamh i ngairdín clochair i mbaile beag Loecre.

Oidhreacht

Tar don Fheisire Phairliminte Liam Mac Réamoinn bás a fháilm reachtáladh toghchán áitiúil san Chlár Thoir. Buaigh Éamonn de Valera, iarrthóir Shinn Féin, ar Patrick Lynch ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a fuair sé tromlach 2,975 vóta.[5]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads