Savita Halappanavar
bean a fuair bás in Éirinn mar gheall ar bhreith anabaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Fiaclóir de shliocht Indiach, a bhí ina cónaí i nGaillimh, ab ea Savita Halappanavar (née Savita Andanappa Yalagi; 9 Meán Fómhair 1981 – 28 Deireadh Fómhair 2012).
Remove ads
Bhásaigh sí tar éis di páiste a bhí sí a iompar a chailleadh. Fuair sí bás mar gheall ar sheipsis ina broinn nuair a bhí sí cúig mhí torrach. Diúltaíodh ginmhilleadh di cé gur iarr sí sin cúpla uair.
Chuir bás Savita Halappanavar tús le gluaiseacht shóisialta a ndearnadh leasú ar dhlíthe ginmhillte na tíre mar thoradh air.[1]


Remove ads
Bhí fiche bliain caite ó chás míchlúiteach, tragóideach an chailín X ach níor thug aon rialtas aghaidh ar an anachain. Bhí sé ina néal os cionn lucht leighis go bhféadfaí an dlí a chur orthu, agus téarma príosúnachta 14 bliain a ghearradh orthu, dá dtabharfaí ginmhilleadh i gcúinsí míchuí.[2]

Aon bhliain déag is fiche a bhí Halappanavar sa bhliain 2012 agus bhí páiste á iompar aici. Níor éirigh leis an ospidéal breith ar an ionfhabhtú a bhí ag cur as di agus déileáil leis. Go deimhin thug fiosrúchán le fios ina dhiaidh sin go raibh trí dheis déag ann nár tapaíodh. Ag an am céanna ní raibh foirceannadh toirchis mar rogha mar go raibh buille croí féatais le brath agus measadh nach raibh beatha na máthar i mbaol.[2]
Fuair Halappanavar "bás de bharr míthapa leighis”, an breithiúnas a thug an coiste cróinéara.[4] Mhair Coiste Cróinéara Halipanavar ocht lá. Bhí faillí á cur i leith an ospidéil.[5]
Ag tráth a báis, glacadh go forleathan leis gur éag sí mar nach raibh fáil aici ar ghinmhilleadh (nó foirceannadh toirchis).[6]

Remove ads
Nuair a fuair Savita bás in 2012, "cionn is gur diúltaíodh tobscor di", mhaígh an pobal in Éirinn nach ligfeadh dá leithéid tarlú arís.[7] Bhí an scéal sna ceannlínte ar fud an domhain agus an mhéar á síneadh i dtreo na ndlíthe ginmhillte. Cuireadh fiosrúcháin éagsúla ar siúl agus gríosaíodh lucht feachtais leis an dlí a athrú.
Cuireadh brú ollmhór, ó lucht tacaíochta an ghinmhillte is a gcairde, i gcuid de na meáin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i dtaobh "Chás X". Tháinig an reachtaíocht sin isteach in 2013.[6]
2013
Cáineadh roinnt cleachtas maidir le seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i dtuarascáil a d'fhoisigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte sa bhliain 2013.[8]
De bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar sa bhliain 2012, chuir reachtaíocht nua le chéile, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (2013). D'éirigh sé dleathach ginmhilleadh a cheadú suas go nóiméad na breithe, má chruthaítear go bhfuil beatha na máthar i mbaol, ag áireamh baol go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin.[6]
Ach ina ainneoin sin, dúirt daoine áirithe ag an am, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita".[9]
Ar 11 Meán Fómhair 2014, dúirt an FSS gur smachtaíodh naonúr oibrithe in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh mar gheall ar bhás Halappanavar.[10]
2015
Rinne Grúpa Ospidéal an Iarthair agus an Iarthuaiscirt athbhreithniú ar an mbaint a bhí ag deich nduine is fiche le cúram na mná. Cinneadh nach raibh aon chás le cur in aghaidh duine is fiche acu (cé go raibh gníomh smachta ag dul don naonúr eile -féach 2014).[8]
2016
Tugadh cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí Praveen Halappanavar, fear céile Savita, ina chónaí i Meiriceá ag an am sin. admhaigh an Fheidhmeannacht go raibh bás Savita Halapannavar éagórach. Bhí cás tugtha ag Praveen Halappanavar i gcoinne na Feidhmeannachta as faillí a dhéanamh i mbás a mhná céile. Admhaigh an Fheidhmeannacht ar 10 Márta 2016 go raibh bás Savita Halapannavar éagórach.[11]
Le linn 2016-2017, cuireadh Comhthionól na Saoránach ar bun leis an gceist chigilteach a phlé.[12]
2018ː leasú ar an mbunreacht
Chinn an Rialtas ar 29 Eanáir 2018 go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn.[13]
I reifreann ar an 25 Bealtaine 2018, vótáil muintir na hÉireann (66% i bhfabhar agus 34% i gcoinne) chun an tOchtú Leasú a aisghairm.[14] Glacadh leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018. D'fhonn na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 40.3.3 den bhunreacht a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit:
"Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil."
Tá cearta ban ó thaobh toirchis mar oidhreacht ag Savita. Cuid den oidhreacht sin gurbh éigean di bás a fháil le hathruithe a chur sa tsiúl. Lena bás rinne sí rud ná féadfadh sí, ná aon bhean eile, a bhaint amach lena mbeo.[2]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads