Seán Eichingeam

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Ba pholaiteoir agus iriseoir Éireannach as gContae Loch Garman é Seán Eichingeam (Béarla: Seán R. Etchingham), a fuair bás ar an 23 Aibreán 1923. Bhí aithne ag a lán daoine air faoin leasainm Patsy, mar gheall ar an ainm cleite Patsy Patrick a d'úsáid sé agus é ag scríobh don nuachtán Enniscorthy Echo. Iar-mharcach gairmiúil a bhí ann chomh maith, agus bhí sé i measc na céad iriseoirí spóirt a bhí gníomhach sa tír.[1][2]

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Ba bhall de Óglaigh na hÉireann, Sinn Féin, Conradh na Gaeilge agus Bráithreachas na Poblachta é.

Remove ads

Éirí Amach

Nuair a fuair siad nuacht faoi thús an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916, bhailigh Eichingeam agus roinnt Óglach eile le chéile in Inis Córthaidh, agus thóg siad cúpla fhoirgneamh agus beairic sa chathair. Ní bhfuair siad an seans troid i gcoinne na Sasanach, mar tháinig an t-ordú ó Phádraig Mac Piarais géilleadh a dhéanamh. Níor chreid siad an scéal ar dtús, mar b'iad na Sasanaigh a d'inis an nuacht dóibh. Chuaigh Eichingeam agus Seamus Doyle chun buaileadh leis an bPiarsach i bpríosún, agus ansin bhí siad sásta gur tháinig an t-ordú uaidh. Ghéill siad freisin, agus chaith siad bliain go leith faoi ghlas i Sasana.

Bhí Eichingeam níos sine ná an chuid is mó de na hÓglaigh eile i bPríosún Dartmoor, agus ba bheag nár chailleadh é de bharr an drochbhia a bhí acu. D'ainneoin a dhroch-shláinte, ba dhuine coitianta é leis na fir eile. Ligeadh amach é sa bhliain 1917.

Thumb
Céad Dáil. 10 Aibreán 1919. Eichingeam ar chúl - séú líne, ar dheis
Remove ads

An Chéad Dáil

Chuaigh Eichingeam ina iarrthóir ó Shinn Féin san olltoghchán sa bhliain 1918, ón ndáilcheantar Cill Mhantáin Iarthar. Toghadh é, agus ghlac sé áit sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.

Roghnaíodh é ina Aire Iascaigh i nDara Aireacht na Chéad Dála, agus arís sa Tríú Aireacht.

Le linn an gCogadh Angla-Éireannach, cuireadh é faoi ghlas níos mó ná uair amháin.

Toghadh é arís sa bhliain 1921, ón ndáil-cheantar Loch Garman.

Remove ads

Cogadh na gCarad

Bhí sé i gcoinne an Conradh Angla-Éireannach, agus bhí sé gníomhach i gcoinne é sa Dháil agus i bhfeidhmeannach na nÓglach.

Cuireadh faoi glas arís é i rith Cogadh Cathartha na hÉireann. Cuireadh chun báis a chara Liam Ó Maoilíosa; bhí tionchar uafásach an bású seo air, agus thosaigh a shláinte ag éirí go dona go tapaidh. Cailleadh é níos déanaí sa bhliain chéanna; fuair sé bás le hadhairt i bpríosún.[1]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads