Shakira

amhránaí Colómach From Wikipedia, the free encyclopedia

Shakira
Remove ads

Amhránaí agus cumadóir amhrán Colómach is ea Shakira Isabel Mebarak Ripoll, (2 Feabhra, 1977 a rugadh í). Canann sí as Spáinnis agus as Béarla. Ba bhreitheamh í ar The Voice.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Gairm

Thumb
Camchuairt El dorado, 2018

Chuidigh feidmeannach de chuid Sony Colombia (Ciro Vargas) léi conradh a fháil. Seoladh an chéad albam uaithi Magia (draíocht) sa bhliain 1991. Níor éirigh go maith leis an albam seo, agus níor éirigh go maith leis an dara halbam, Peligro, ach oiread. Rinneadh aisteoir teilifíse di ansin. D'fhill sí ar an gceol sa bhliain 1995 leis an albam Pies Descalzos agus ba é an t-albam sin a thuill cáil di. Tá breis is 50 milliún albam diolta aici anois.

Aisteoireacht

Bhí ról Luisa Maria aici sa telenovela El Oasis sa bhliain 1995. Bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Ugly Betty, "The Bahamas Triangle", i mí na Samhna 2009. Sa bhliain 2010 bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Wizards of Waverly Place.

Remove ads

Saol

Rugadh Shakira ar an 2 Feabhra 1977 i mBarranquilla na Colóime. Is iad Nidya del Carmen Ripoll Torrado agus William Mebarak Chadid a tuismitheoirí.

Ainm

In Araibis, ciallaíonn Shakira "buíoch". Foirm bhaininscneach den ainm Shakir atá ann. Baisteadh an t-ainm Isabel uirthi in ómós do mháthair a hathar. Is sloinne Catalónach é Ripoll.

Clann

Bhí Shakira agus Gerard Piqué, peileadóir, ina gcónaí le chéile idir 2011-2022[1], lánúin a rugadh ar an lá céanna, Shakira ar 2 Feabhra 1977 agus Gerard 10 mbliana níos déanaí, ar 2 Feabhra 1987. Tá beirt chlainne orthu, Milan agus Sasha.

Scar Shakira óna fear sa bhliain 2022.[2]

Thumb
* Albam "Fijación Oral "
Remove ads

Dioscliosta

  • Magia (1991)
  • Peligro (1993)
  • Pies Descalzos (1995)
  • Dónde Están los Ladrones? (1998)
  • Laundry Service (2001)
  • Fijación Oral Vol. 1 (2005)
  • Oral Fixation Vol. 2 (2005)
  • She Wolf (2009)
  • Sale el Sol (2010)
  • Shakira (2014)
  • El Dorado (2017)

Camchuairteanna

  • Tour Pies Descalzos (1996–1997)
  • Tour Anfibio (2000)
  • Tour of the Mongoose (2002–2003)
  • Oral Fixation Tour (2006–2007)
  • The Sun Comes Out World Tour (2010–2011)
  • El Dorado World Tour (2018)

Scannánliosta

Tuilleadh eolais Bliain, Teideal ...


Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads