Splancfhicsean

From Wikipedia, the free encyclopedia

Splancfhicsean
Remove ads

Is ionann splancfhicsean agus stíl litríochta atá fíor-ghonta, nó "fíor-ghearrscéalaíocht", "ina gcuirtear splancíomhánna nó fínéid ar ár súile dúinne".[1][2][3] Táthar ann a rianaíonn a chuid fréamhacha i bhfad siar, fiú amháin chomh fada le fabhalscéalta Aesóip agus níos faide fós,[1] ach tá borradh mór tar éis teacht faoi sa 21ú haois.[4][5] Luaitear céad-úsáid an fhocail i nGaeilge le Gabriel Rosenstock.[6]

Thumb
Sean-cheamara le splanc

Ó tharla go bhfuil an nós níos sine na an t-ainm, breathnaítear ar an bhfocal scaití amhail "béarlagair na haoise seo",[7] agus síleann tráchtairí eile go ndéanann sé a bheag den dua a chaitheann scríbhneoirí lena gcuid scéalta.[8]

Remove ads

Gnéithe

Giorracht

Níltear ar aon fhocal faoi fhad na splancscéalta.[1] Ní áirítear saothair atá níos faide ná 1000 focal mar splancfhicsin go hiondúil agus luaitear 400 nó 300 focal freisin.[2][9][10][1] De thoradh ar shrianta a bhíonn i gceist le meáin shóisialta áirithe, tá scéalta faoi bhun 280 litir féin i measc na gcineálacha éagsúla splancfhicsin a scríobhtar.[2] Coinneáil laistigh de 500 focal is ea a éilíonn an iris dátheangach splancfhicsin Splonk agus tá rannóg faoi leith inti do mhicrifhicsean atá faoi bhun 100 focal ar fad.[11]

Aire

Baintear suáilce as gontacht an splancfhicsin de thairbhe go ligeann sé don léitheoir glac scéalta a chur díobh in achar gearr. Déantar comparáid idir iad agus meáin shóisialta áirithe, agus ós rud é go maítear go bhfuil inniúlacht dhaoine a n-aird a dhíriú ar rudaí ag dul i laghad, tuairimítear go mbainfidh daoine atá gafa leis na meáin chéanna taitneamh as na scéalta a bhfuil "líon beag focal iontu ach atá toirtiúil ó thaobh ábhair agus mothúcháin de."[3][12] Bíonn éagsúlacht mhór le braith orthu.[13]

Gaoil

"Ar díol: bróga linbh. Níor caitheadh riamh iad."
—Splancscéal cáiliúil (aist. IMRAM)[1]

Fearacht na meáin shóisialta, déantar comparáid idir an splancfhicsean agus an fhilíocht, agus an ealaín bhéil trí chéile.[13] Bíonn splancscéalta i imeasc na bpíosaí a chloistear ag an oíche focal labhartha REIC.[14][15] Caitear le liricí amhrán áirithe mar splancfhicsean scaití freisin.[4] Ar an taobh eile, is féidir sraith splancscéalta faoi na carachtair chéanna a nascadh le chéile ina nóibhille.[16]

Remove ads

Sa Ghaeilge

Chuaigh an fhéile IMRAM i bpáirt leis an iris liteartha Comhar chun mórléamh splancfhicsin i nGaeilge a chur ar siúl sa bhliain 2011. Coimisiúnaíodh scéalta úra ó raidhse scríbhneoirí aitheanta,[nóta 1] scéalta a bhí le cloisteáil beo agus a fhoilsíodh in eagrán speisialta den iris.[1][6] Níorbh é sin an uair deireanach a cuireadh mórléamh splancfhicsin ar siúl ag an bhféile sin.[13] Is minic freisin a luaitear an splancfhicsean mar théama sna ceardlanna scríbhneoireachta a chuireann Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc i láthair mar chuid den fhéile.[17][18][19][20][21]

"Chonaiceamar siopaí leabhar á ndúnadh. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Irisí agus nuachtáin ag fáil bháis. Tiocfaimid as, tiocfaimid as. Splancfhicsean ag éirí níos gonta bliain i ndiaidh bliana. Tiocfaimid as. Sa deireadh ní raibh fágtha den splancfhicsean féin ach abairt. Abairt amháin. Tiocfaimid as. Ansin frása. Tiocfaimid. Ansin an focal aonair. Ansin …"
—Sliocht as gearrscéal le Gabriel Rosenstock[22]

Reáchtáil IMRAM comórtas splancfhicsin sa bhliain 2015, i bpáirt le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus leis an iris Books Ireland. Foilsíodh scéalta na mbuaiteoirí san iris sin an bhliain dár gcionn.[nóta 2][23][9] Sa bhliain chéanna foilsíodh leabhar de chuid dhuine de na scríbhneoirí céanna, Máire Dinny Wren. Leabhar gearrscéalta is ea Go mbeinnse choíche saor gur féidir go leor acu a áireamh mar splancfhicsean.[24][25] Rinne Áras Scríbhneoirí na hÉireann "an chéad chomórtas splancfhicsin dátheangach a fhógairt do dhaoine óga (idir 16 – 29)" sa bhliain 2018, ar an téama 'Imbolc'.[26][nóta 3][10]

Bunaíodh an ríomhiris liteartha Splonk sa bhliain 2019 le díriú go sonrach ar splancfhicsean i mBéarla agus i nGaeilge a fhoilsiú.[27] Is sa bhliain dár gcionn ar thosaigh an iris Channel ag foilsiú beagán ábhair i nGaeilge tar éis dóibh comórtas splancfhicsin a reáchtáil i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus le Garraithe Náisiúnta na Lus.[28]

Ar sheoladh Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain sa bhliain 2021, rinneadh suntas den chaoi go bhfuil cuid mhaith samplaí úsáide ann "ar geall iad le mionscéalta eachtraíochta, scéilíní astu féin a mblaistear iontu dúil agus cumas dosháraithe Uí Chadhain i mbun pinn."[29][30] Foilsíodh rogha díobh mar leabhar sa bhliain 2025 faoin teideal Dúchan.[31] Tuairimítear gur féidir cuid den ábhar múinteoireachta a chuir an Cadhnach i dtoll a chéile, agus a fhoilsíodh go trítheangach, a áireamh mar splancfhicsean freisin.[32]

Foilsíodh Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh sa bhliain 2024, leabhar splancfhicsin a phléann "réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha agus ghrá, idir uaigneas agus dóchas." Ghnóthaigh sé an duais mar Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2024 ag Gradaim na Leabhar Éireannach.[33][3][5] Sa bhliain 2025 foilsíodh Agus Anois – Beagáinín Ciúnais le Mike Mac Domhnaill, cnuasach corrscríbhinní, stíl a bhfuil "gaol áirithe aici leis an ngearrscéal, leis an splancscéal agus le sruth comhfheasachta idirthéacsúil."[34] Thuairimigh Máirín Nic Eoin gur foirm í an splancfhicsean "a fheileann go maith do scríbhneoirí na Gaeilge."[5]

Remove ads

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Nótaí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads