Splonk
ríomhiris Éireannach splancfhicsin From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is iris splancfhicsin í Splonk.[1] Tá sí ilchineálach ó thaobh seánra de agus foilsíonn míreanna ó fud fad an domhain.[2][3] Tá aitheantas tuilte aici mar iris ar leith, an t-aon iris Éireannacha atá dírithe go hiomlán ar splancfhicsean ar líne.[4][5] Leathbhliantán atá inti go hiondúil. Tá sí ar sos ó eisíodh eagrán 12 (Samhain 2024) i leith.[6][7]
Tugtar le fios gurb é an focal 'splanc' a thug a hainm don iris; tugtar suntas freisin do chiall mheafarach an fhocail 'splaincín'.[6] Go dtí bunú Splonk, b'fhacthas do Ní Chonchúir nach raibh iris ar bith in Éirinn a bhí ag plé leis an splancfhicsean amháin.[2]
Mar Eagarthóir Físiúil, cuireann an t-ealaíontóir meán measctha Meiriceánach Janice Leagra freagraí i bhfoirm phictiúir leis na scéalta.[8] Tá lucht na hirise ag leagan béim ar míreanna i mBéarla agus i nGaeilge a fhoilsiú ón dtús. Ba í Lisa Nic an Bhreithimh Eagarthóir Gaeilge na hirise óna bunú go ceann trí bliana.[2][8][9] Fógraíodh in 2022 go mbeadh an scríbhneoir Sadhbh Devlin ina hEagarthóir Gaeilge ar an iris feasta.[10]
Ar na scríbhneoirí a fhoilsíodh míreanna dá gcuid i nGaeilge inti tá Gearóidín Nic Cárthaigh,[nóta 2] Sam Ó Fearraigh,[nóta 3] Réaltán Ní Leannáin.[nóta 4] Ar na léaspairtí splancfhicsin a cuireadh faoi agallamh tá Lydia Davis,[nóta 5] Stuart Dybek[nóta 6] agus Kathy Fish.[nóta 7][9][8]
Remove ads
Cur chuige
Glacann Splonk le míreanna maithe beag beann ar sheánra, téama ná ábhar – saothair turgnamhacha nó scéalta díreacha, splancacha le béim ar chúrsaí teanga nó ar an éigiall, stairiúil todhchaíoch, corr gnách, dubhach nó suairc.[2][8] Glactar le hiarratais ó gach cearn den domhan.[3][11] Bíonn na heagarthóirí dall ar na scríbhneoirí agus na hiarratais á meas acu.[2][8]
Foilsítear inti míreanna i dtrí rannóg:[2]
- SplonkFlash: splancacha suas le 500 focal ar fad, i mBéarla
- SplonkMicros: suas le 100 focal, i mBéarla
- SplonkSplanc: suas le 500 focal, i nGaeilge
Déanann na heagarthóirí míreanna áirithe a chur isteach i gcomhair duaiseanna agus díolamaí.[8] Ó am go chéile foilsítear mion-eagráin a bhíonn sé mar sprioc acu na heagarthóirí féin in iúl.[12]
Remove ads
Comhoibriú
Chuir Ní Chonchúir ceardlann faoin fhicsean stairiúil ar siúl mar chuid d'Fhéile Splancfhicsin Bhriostó 2019 maille le painéal cainte, agus ceann eile in 2022.[13][14] Chuir beirt eagarthóirí de chuid na hirise, Lisa Nic An Breithimh agus Marie Gethins, ceardlann splancfhicsin ar siúl ar líne do scríbhneoirí Béarla nó Gaeilge mar chuid d'Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2020.[15]
Chuaigh an iris i gcomhar le Duais Splancfhicsin Allingham sa bhliain 2024. Rinne Ní Chonchúir moltóireacht ar an gcomórtas agus foilsíodh na trí mhír ab fhearr in eagrán 12 de Splonk.[16][17]
Remove ads
Glacadh
Mhol an scríbhneoir Mei Chin Splonk mar iris, á rá gur aoibhinn léi gur ann di agus ag moladh an consaeit atá aici. Bíonn na míreanna a fhoilsítear inti go maith, a deir sí, mura mbíonn siad ar aon iomaire le hEin Hungerkünstler Khafka nó le hArcady an tSeoighigh. Luaigh sí áilleacht faoi leith le Stargazey Pie le Rick White.[4][nóta 8]
B'í Splonk a thug a chéad taithí cheart ar an splancfhicsean don úrscéalaí Kevin Power.[18]
Chuir nuachtán mac léinn Choláiste na Tríonóide, The University Times, fáilte roimpi mar iris, ag tuairimiú go bhfeileann sí do dhreamanna óga ach go háirithe.[19]
Féach freisin
- Comhar
- An Gairdín
- Crannóg
- Aneas
- The Stinging Fly
- Banshee
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Nótaí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads